9.19.2011

Ironman 70.3, Gaillimh

Tá sé thart (le tamall fada anois!), agus tá na cosa tagtha acu féin.  Lá gruama, garbh, fliuch, fuar a bhí i Ironman 70.3 na Gaillimhe, agus chuaigh an croí trasna ionam nuair a chonaic mé chomh togtha agus a bhí an fharraige ag a sé a chlog ar maidin.
D’fhan mé i nGaillimh an oíche roimh ré, agus bhuail cúigear againn ón gclub lena chéile thíos i mBóthar na Trá roimh tús an rás.

An Snámh: 22:58 (574ú áit, 40%)Agus mé ag déanamh an tseiceáil dheireannach ar an rothar, fógraíodh go mbeadh an snámh ciorruithe de bharr na drochaimsire.  Ní raibh mé buíoch riamh a leithid de nuacht a chloisteáil.  1000 méadar anois a bheadh ann, seachas an 1900 méadar, agus níor thóg sé i bhfad tuiscint cén fáth.  Bhí an t-uisce an-chorraitheach, agus le go leor ciceáil agus dornaí  san uisce, bhí an chéad 250 méadar thar a bheith garbh.
D’eirigh rudaí beagán níos éasca tar éis an chéad phucán, agus bhí mé buíoch gainimh gheall Bhóthar na Trá a fheiceál arís agus muid ag teacht i dtír.
Ag teacht amach as an uisce

T1: 7:16 (492ú, 34.3%)Bhí an “transition” chomh fada gur beagnach gur imeacht ann féin a bhí ann.  Tuairim agus ciliméadar a bhí ón trá go dtí go raibh tú in ann dul suas ar do rothar.  Leathbealaigh síos an “transition”, bhí campa ina raibh mála le do chuid éadaigh rothaíochta, agus ina bhfágfadh tú do chulaithe uisce.  Nach maith tráthúil go raibh mo mhálasa ar iarraidh nuair a tháinig mé chomh fada leis!  Tháinig maor air tar éis tamall, ach bhí ceann de na arm-warmers tógtha amach ag duine éigin.  D’fhágfadh seo go mbeadh aistir fhuar ar an rothar agam, cé nár thuig mé ag an am é.

An Rothar: 2:50:09 (370ú, 25.8%)Suas ar an rothar, amach siar tríd Bóthar na Trá.  Bhí slua deas cruinnithe thimpeall ar an trá, agus d’aithnigh mé corr ghlór ar an mbealach siar dom.  Bé an t-ard suas thar galf chúrsa Bhearna an t-aon ard ceart a bhí ar an gcúrsa, agus bhí sé go deas Pat, Marie agus Rónán ón gclub a fheiceáil ansin, agus iad ag tabhairt tacaíochta!  Ní raibh an chéad leath den rothaíocht an-eachtrúil, slua deas i Maigh Cuilinn, gan deoraí in Uachtar Ard ach ag an droichead, agus casadh géar amuigh gar den Teach Dóite sula dtabharfadh muid ár naghaidh soir arís.
Ag fágál Bóthar na Trá ar an Rothar

Bhí rudaí níos deacra ar an bpointe boise.  Bhí muid anois ag rothaíocht isteach sa ngaoth, agus gaoth láidir leis sin.  Faoin am go ndeachaigh mé thríd Uachtar Ard den dara huair, bhí mé ag craith leis an bhfuacht.  Báisteach agus gaoth, agus gan orm ach an tri-suit éadrom.  Faoin am gur tháinig mé go Maigh Cuilinn, ní raibh a fhios agam an mbeinn in ann tabhairt faoi leath-mharatón ag a dheireadh seo.  Faoin am gur tháinig mé go himeall na cathrach, ba fada liom go dtosóinn ag rith le go dtéadh mo chulainn.

T2: 4:37 (164ú, 11.4%)Transition fada arís isteach go T2, na cosa beagán tinn ag rith cosnochta fada ar bhóthar chrua.  Beagán moille anseo arís agus maor ar thóir mo mhála ach go ghearr go raibh mé ag rith.

An Rith: 1:35:29 (60ú, 4.2%)Thaitin an rith liom.  Trí thimpeall de chúrsa a thug suas faoin bPóirse Caoch muid, anuas an Balla Fada, suas céibh Nimmo agus amach thimpeall ar imeall an Swamp.  D’fheabhsaigh an aimsir, bhí go leor daoine eile le feiceáil ag rith, bhí an lucht tacaíochta thar cionn (mo mháthair agus athair san áireamh!) agus d’aithrigh mé go maith.  Thosaigh mé ag tuirsiú de bheagán ar an tríú thimpeall, ach ní raibh ann faon tráth sin ach coinneáil orm go dtí an líne.
Gar don líne, chonaic mé Máirín agus Marcas, agus chuir sin beagán luas sna cosa ag an deireadh!

Ag críochnú go hildaite!

 Rás crua ach deas, an chéad uair tríatlan chomh fada sin déanta agam, fiú muna raibh an snámh uilig i gceist.  Is fada liom clárú don bhliain seo chugainn!
Iomlán:
5:00:27
155ú (10.8%)
33ú áit, catagóir 35-39 (9.7%)
148ú fear (12.1%)

8.31.2011

Trasna an Chuain!

Tá roinnt spriocanna a bhí uaim a bhaint amach i mbliana, agus go dtí Dé Domhnaigh seo caite, ní raibh ceann ar bith acu déanta agam.
1. Ironman 70.3 na Gaillimhe a dhéanamh (beidh a fhios agam Dé Domhnaigh seo chugainn an mbeidh sé sin déanta!)
2. Leath-mharatón a rith faoi 1:30:00 (níl aon mhacnamh ceart deanta agam faoi seo fós!)
3. Snámh trasna Cuan an Fhir Mhóir

Tá kayak ceannaithe ag mo dheartháir céile, agus nuair a chonaic mé go raibh, d'fhiafraigh mé air comhluadar a choinneál liom agus mé ag iarraidh snámh ó Thrá an Dóilín, trasna go dtí an Trá Bháin agus ar ais.

Ag breathnú trasna Cuan an Fhir Mhóir ó Thrá an Dóilín 

Ní cuan an-leathan atá i gceist, ach tá sruth láidir ann, agus nuair a bhí muid tuairim agus trí-ceathrú bealach trasna, bhí mé dhá fháil an-deacair aon dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh an tsruth, a bhí mo chaitheamh suas an cuan.  Faoi dheireadh, bhain muid an taobh thall amach, agus shnámh mé aníos ón sean-teampall go dtí go raibh mé ar aghaidh an Dóilín arís.  Theas mé ar an trá ansin ar feadh nóiméad nua dhó, agus thug m'aghaidh trasna arís.

Ní raibh sé i bhfad sula raibh greim ag an sruth arís orm, agus d'aithrigh sé gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, seachas díreach ar aghaidh.  Mar a thárlaíonn sé, 'spáineann an t-íomha GPS ón snámh gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, go deimhin!:

Faoi dheireadh, is faoi chéibh an Dóilín a chríochnaigh mé, agus b'éigin dom siúl as sin go Trá an Dóilín (ní raibh mé chun tuilleadh fuinnimh a chur amú ag snámh in aghaidh an tsruth go Trá an Dóilín!).  Choinnigh Peadar leis chuig an trá leis an kayak, agus bhuail muid le chéile ansin arís.
Ina iomláine, 'spáin an GPS gur 2.36km a shnámh mé.  Cheapfainn nach bhféadfadh níos mó ná 1.6km de shnámh a bheith ann dá gcoinneofá líne díreach trasna agus ar ais, ach ní féidir líne díreach a choinneál sa sruth sin!

Maidir leis an traenáil, is gearr eile go mbeidh an lá mór liom, agus tá mé ag eirí beagán tuirseach ag an traenáil agus den traenáil.  Is fada liom go mbeidh mé i mo shuí os comhair teilifís ag breathnú ar an All-Ireland i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo chugainn!

8.15.2011

Traochta ag Traenáil!

B'é sin cinnte an deireadh seachtain ba mhó traenála atá déanta ariamh agam, agus tá mé buíoch go bhfuil sé thart!

Thosaigh sé ar an Satharn le 110.5km de rothaíocht i 3:50:59:

Maidin Dé Domhnaigh, rinne mé an seisiún snámh is faide a rinne mé go dtí seo, 3.34km i 1:12:00, trí huaire thimpeall ar Loch Chaladh Thadhg:
Agus ag críochnú oíche Dé Domhnaigh le 24.14km de rith i 1:57:32, siar go Leitir Móir agus aniar: 














Tá mé traochta ina dhiaidh sin.  Cén chaoi a ndéanann lucht an Ironman iomlán a gcuid traenála ar chorr ar bith?!

8.13.2011

Ag rothaíocht ar chúrsa an Ironman 70.3

Thug mé féin agus Setanta, mo leath-bhádóir ón gclub, aghaidh ar chúrsa rothaíochta Ironman 70.3 na Gaillimhe, ag tosnú amach ón Spidéal seachas ón tús ceart i mBóthar na Trá.
Is fada an bealach go dtí an Teach Dóite é in aghaidh na gaoithe, ar dhroch-bhóthar.  Bhí muid buíoch aghaidh a thabhairt soir arís!  Ní mórán luas atá sa mbóthar garbh, agus ní hé an bóthar is spéisiúla ó thaobh radharcanna de, cé go bhfuil an droichead deas seo ón scannán The Quiet Man in aice leis an bpoinnte leath-bealaigh, soir ón dTeach Dóite.


110.5km a rinne muid i 3:50:59.  Níor mhaith liom leath-mharatón a rith ina dhiaidh!

8.08.2011

Tríatlan Oilimpeach Brian Ború


Bhí drogall orm roimh an rás seo.  B’é seo an chéad uair agam tabhairt faoi fad Oilimpeach agus bhí an 1.5km snámh ag déanamh imní dom roimh ré.

D’fhan mé féin agus Máirín i Luimneach don oíche roimh ré, Mamó ag tabhairt aire do na leaids óga.  Tháinig muid chomh fada le Cill Dálua don rás an mhaidin dár gcionn, an lá go hálainn (go dtí gur oscail an spéir chúig nóiméad sular thosaigh an rás!).  Ní bhuaileadh tada an buntáiste áitiúil, agus bhí sin againn i bhfoirm James ón gclub, a bhfuil teach a mhuintire cúpla céad slat ón áit go dtosaíonn tríatlan Brian Ború.

Ag fanacht leis an snámh ag an tús (sular thosaigh an bháisteach!)

Ba ghearr go raibh sé in am tabhairt faoin snámh, agus bhí iontas orm faoi chomh deas agus a bhí an t-uisce, ó thaobh teocht de.  Ní raibh aon phlean agam ach é a thógáil go breá réidh don snámh agus sin a rinne mé.  Fuair mé cúpla cic sa straois, cúpla dorna sa ngualainn agus shnámh duine éigin trasna mo dhroim, ach bhí mé níos compordaí san uisce ná mar a bhí uaireannta eile.  Ag an mbuoí ag 800 méadar, d’imigh mé ar strae, áfach, agus d’imigh de bheagán den chúrsa.  Thóg sé i bhfad, feictear dom, ar an gcladach teacht níos gaire dom, ach bhain mé amach deireadh an tsnámh faoi dheireadh, in aon phíosa amháin.
Bhí mé cineál díomách leis an am, agus thar a bheith díomách le mo áit sa bpaca!
Am: 33:40, 79ú áit as 110 (71.8%)

Rinne mé cineál praiseach do T1.  Ag rith ar fhéar fliuch, d’imigh na cosa fúm, d’imigh an rothar uaim, d’imigh an bhróg den trothán clé, agus d’imigh an buidéal uisce síos an garraí.  Droch-thús!
Am: 2:00, 12/110 (10.9%) 

Cnoc géar a bhí sa gcéad cúig chiliméadar den rothar, agus cé go raibh an croí an-ard, bhí mé ag aireachtáil réasúnta compordach agus mé ag dul amach thar cuid mhaith daoine.  Thug mé liom an fána ar an taobh eile den chnoc le luas, ach leis an mbóthar chomh fliuch, beag nár imigh mé den bhóthar ar cheann de na coirnéil!
Dhá thuras ar an gcúrsa céanna a bhí ann, agus bhí an cnoc níos faide fós, feictear dom, an dara uair!  D’aithrigh mé níos láidre ná mar a d’aithrigh i rásaí níos gaire níos luaithe i mbliana.
Am: 40.95km i 1:21:31 (30.14kph) 10/110 (9.09%)

Ag teacht isteach go T2 leis an rothar

T2
Bhí na bróga rith a bhí ag fanacht romham i T2 báite, agus fuair mé crampa sa gcalapa clé ag iarraidh iad a tharraingt orm.  Níor fhan an crampa i bhfad, ámeán!
Am: 1:46 11/110 (10%)

Ag críochnú an rith
Rith
Ag teacht amach as T2, chonaic mé Máirín agus deir sí liom go raibh mé sa 25ú háit.  Dhírigh mé ar áit a bhaint amach sa gcéad fiche!  Ní raibh mé i bhfad ag dul thar beirt, ach thóg sé i bhfad teacht ar aon duine eile.  D’fhág “stitch” go raibh an chéad cheithre ciliméadar mí-chompórdach, ach bhí an dara leath den rith níos fearr.  An 10k is tapúla atá rite agam fós, agus ar chúrsa cnocach!
Am: 39:27 10/110 (9.09%)

Iomlán: 2:39:25 14/110 (12.72%)
2ú háit, Aois Ghrúpa 35-39

 Mé féin agus James ag an gcríoch

Chomh díomách agus a bhí mé leis an snámh, bhí mé thar a bheith sásta leis an gcuid eile den rás.  An dara háit i mo aois ghrúpa, agus sa 14ú háit ina iomláine. 
Níl ann anois ach díriú ar an Ironman 70.3 i gceann ceithre seachtainí!


8.03.2011

Fuair mé clogad nua an lá cheana, Rudy Project Wingspan.  Is cosúil go mbeidh mé níos tapúla le clogad a chuirfidh cuma an leibide orm!  Tá sé an-deacair é a chuir ort i gcomparáid le gnáth-chlogad, téann sé go deas ar chloigeann Mharcais!
 Marcas le clogad nua Dheaide!

B'é an tseachtain seo caite an tseachtain ba mhó traenála riamh agam, ní ó thaobh an líon rith déanta, ach ó thaobh chuile rud le chéile.  I ndáríre, is beag an t-iomlán é i gcomparáid le daoine eile ach is dul chun cinn domsa é!
Iomlán don tSeachtain Seo Caite:
Snámh: 7820 méadar
Rothaíocht: 233.69 ciliméadar
Rith: 24.2 ciliméadar

7.28.2011

Smugairlí Rón!

Bhí mé ag snámh amach ón gcéibh nua ar an Spidéal aréir le baill TríSpórt.  Bhí an fharraige chomh ciúin, ach thíos faoi bharr uisce, bhí an áit beo le smugairlí rón.  Ní na cuid beaga neamh-urchóideacha ach an oiread, ach rudaí móra, smugairlí compais.  Níor thug mé faoi dearadh go raibh mé amuigh as an uisce go raibh gath curtha acu ionam tríd an culaith snámh!
Smugairle an Chompáis

Níos luaithe sa lá, rinne mé seisiún rith ar Pháirc an Chathanaigh, an chéad uair a rith mé ar pháirc ó tháinig mé ón gCróáit.  Bhí an féar chomh glas agus chomh bog i gcomparáid le páirc chrua, donn Cibaca!

7.27.2011

An Chróáit

Tá sé i bhfad ró-fhada ó thug mé an blag seo suas go dáta, go príomha mar go raibh mé ar saoire trí seachtainí sa gCróáit agus i Montenegro.  Tá mé sa mbaile anois le tuairim agus coicís, ach aithríonn sé ar nós go bhfuil sé i bhfad níos faide ná sin ó bhí muid sa ngrian!

Bhí an saoire iontach ó thaobh traenála de, go háiríthe agus Máirín í féin ag rith, anois go bhfuil sí ag traenáil do mharatón Bhaile Átha Cliath.  Is é an pátrún a bheadh againn ná go n-eireodh Máirín luath ar maidin chun a cuid rith a dhéanamh (bheadh sé i bhfad ró-the é a dhéanamh i rith an lae), agus nuair a thiocfadh sise abhaile, dhéanfadh mise mo chuid rith nó mo chuid rothaíochta.  Is ins an trathnóna a dhéanfainn an snámh.

Bhí an snámh sa Chróáit go haoibhinn.  Chuile thrathnóna, bhuailfinn síos go trá Srebreno, agus cé go raibh an luas ag a raibh mé ag snámh mall, ba íontach an deis a bhí ann cur leis an achar a bhí mé in ann a dhéanamh agus níos mó misní a bheith agam as an snámh.  Cineál “breakthrough” mór siceolaíoch a bhí sa snámh sa Chróáit dom.
 Trá Srebreno
Snámh ar Saoire: 12,180m


Maidir leis an rothaíocht, níl a léithid de rud sa Chróáit agus bóthar cothrom.  Tá i gcónaí ag dul suas nó síos, níl aon easpa oibre ar an rothar ann!  B’í an chéad fhadhb a bhí agam ná nuair a thóg mé an rothar amach as an mála nuair a tháinig muid chomh fada leis an teach i Mlini, thug mé faoi dearadh go raibh bollta beag in easnamh orm, rud a d’fhág nach bhféadfaí an suíocán a fháisceadh i gceart.  Fuair mé leigheas ar an bhfadhb faoi dheireadh, a bhuíoch d’“angle grinder” agus “vice grips” agus bhí liom.
Tá an bóthar in aice leis an teach thar a bheith gnóthach, an príomh-bhóthar aníos cósta an Adriatic.  Ina theannta sin, is bóthar thar a bheith caol atá ann.  B’í an phlean, mar sin, ná bheith ar an rothar luath ar maidin, agus imeacht den bhóthar mór isteach go gleann an Konavle.  Tá dromchla breá ar an mbóthar seo agus is fíor-bheagán trácht atá air.  Níl tada le feiceál ar thaobh an bhóthair, áfach, ach nathaireacha agus gráinneoga marbh!
Gleann Konavle
 Rothaíocht ar Saoire: 230.04km


B’é an chuid is deacra den traenáil thar lear ná an rith, ó tharla (a) nach maith liom bheith ag rith ar maidin agus (b) mar go raibh sé chomh te.  Bhí an chéad cupla seachtain ceart go leor, ach bhí an tseachtain deireannach thar a bheith te, 38 céim lá amháin.  Bhí sé ar nós a bheith ag déanamh “intervals” in oighean!
Is iad na háiteacha céanna a ritheann mé i gcónaí nuair a bhíonn muid thall, “intervals” ag páirc sacar Cibaca, rith deas le cósta thimpeall ar Kupari (atá fós scriosta tar éis an chogaidh), Srebreno agus ar aghaidh go Mlini, corr rith fada suas in aghaidh an chnoic ó thuaidh den teach.
Baile Mlini, cúrsa deas ritheacht! 
Ritheacht ar Saoire: 115.84km

Chomh maith leis an gCróáit, chaith muid cheithre lá thuas sna sléibhte i dtuaisceart Montenegro, i mbaile Zabljak.  Dúshlán ann féin a bhí sa rith anseo, ó tharla go bhfuil Zabljak ag 4500 troigh airde.  Bhí an ceantar go hálainn, ach d’fhág báisteach agus fuacht gur tháinig muid anuas ón sliabh lá níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agus d’fhill ar an ngrian!

Zabljak sa Samhraidh, baile ski sa nGeimhridh...

An-saoire, faraor gan mé thall arís ann!

6.15.2011

COPE Ocean Triathlon

An dara tríatlan as a chéile in imeacht seachtaine, agus an ceann seo níos gaire de bhaile i mBóthar na Trá na Gaillimhe.  Céibe cén fonn a bhí orm seo a dhéanamh nuair a chláraigh mé i rith na seachtaine, bhí drogall ceart orm roimhe faoin Aoine, le droch-phian ag teacht aníos mo sháil agus cantal agus tuirse ag dul leis an bpian sin!

Tháinig maidin Dé Domhnaigh, agus le meascán de Neurofen Gel, taibléidí Neurofen agus Deep Freeze Spray, bhí faoiseamh éigin agam ón gcois.  Isteach go Bóthar na Trá, áit ar casadh Setanta, Pádraic, James agus Ger orm ón gclub.  Bhí an mhaidin gránna, agus ba fada liom go dtosódh an rás.  Nuair a thosaigh, áfach, ní raibh muid ach 150 méadar isteach sa snámh nuair a bhí uaim eirí as.  D’aithrigh mé lag, m’annáil easnamhach, tuirseach... ní raibh uaim ach go dtarraingeodh ceann de na kayaks as an uisce mé.  Thóg sé tamall orm eirí as an trua dom féin agus choinnigh orm, buíoch nuair a chonaic mé an cladach ag déanamh orm.  Bhí íontas orm an cúigear ón gclub a fheiceál ag eirí amach as an uisce ag an am céanna liom féin, cheap mé go ndeachaigh rudaí i bhfad níos measa ná sin dom.

Am Snámh: 15:43 (55 as 183, 30%)

Ag teacht amach as an uisce

Amach ar an rothar leis an ghaoth le mo dhroim agus níl aon cheist faoi ach go bhfuil an rothaíocht ag feabhsú.  Chuaigh roinnt tharam, ach chuaigh mé thar go leor!  Bhí sé deacair go maith a bheith rothaíocht isteach sa ngaoth tar éis an casadh sna Forbacha, agus bhí mé buíoch filleadh ar Bhóthar na Trá.

Am Rothaíochta: 37:29 (26 as 183, 14.2%)

Ar ais go Bóthar na Trá sa mbáisteach

Faoin am seo, bhí mé chomh fuar agus fliuch go raibh sé deacair na bróga rith a tharraingt orm féin (a léiriú féin gur thóg sé 8 seicind níos mó orm teacht amach as T2 i gcomparáid le T1, a bhíonn mall go hiondúil idir cultacha uisce a bhaint díot agus clogaid a chuir ort).  D’aithrigh mo chosa an-aisteach freisin, ar nós go raibh rud éigin greamaithe de mo chuid bonnacha.  In aghaidh na gaoithe arís don rith, thimpeall ar an swamp, agus coimhlint mhaith le duine éigin ó Ennis Tri Club.  Bhí an chéad leath den rith mall, ach bhí an dara leath thar cionn, mé fein agus mo chéile comhraic ar mo ghualainn, an bheirt againn ag rith go láidir agus an ghaoth lenár gcúl.  Agus ciliméadar le dul, chuir mé isteach iarracht mhór amháin eile agus d’fhág mé mo bháirneach as Inis i mo dhiaidh! 

Am Rith: 20:08 (12/183, 6.6%)

Críochnaithe!

Sa mbaile i 1:15:34, an 13ú háit as 183, sa gcéad 7.1% d’iomaitheoirí.  Níos réalaíoch ná an 4ú háit i gCluain Cearbán i bhfianaise na daoine eile a bhí ag glacadh páirt, ach fós féin, tá mé thar a bheith sásta.  Tuigim go bhfuil an rith lag fós agam, ach tá an rothaíocht ag feabhsú agus an rith go maith, in aineoinn an t-easpa traenáil rith atá ar bun agam.  

6.08.2011

TriBurgh

Bhí drogall orm roimh an rás seo, insint na fírinne, de bharr mo mhí-chinnteacht faoin snámh, agus níos mó drogall fós nuair a chonaic mé na tonnta ag teacht i dtír ag an trá i gCluain Cearbán Mhaigh Eo. Thug mé fein agus Pádraic aghaidh ar an aistir as Conamara, agus bhí an ghrian ag scoilte na gcloch nuair a d’fhág muid an baile. Is beag íonadh an drogall a bhí orainn eirí as an gcarr nuair a tháinig muid chomh fada le Maigh Eo fuar fliuch!

Chuir muid na rothair le chéile agus in áit, agus thug aghaidh ar an trá go bhfeicfeadh muid cén chuma a bhí ar an bhfarraige. Yikes, tonnta móra ag teacht isteach ar ghaoth anoir aduaidh....Isteach sna cultacha uisce agus anuas ar an trá, sheas mé as an mbealach ar an bpaca ar an taobh thuaidh, agus isteach go léim san uisce nuair a thosaigh an rás. Cloigeann isteach san uisce, an t-uisce beagán níos teo ná mar a bhí seachtain ó shin, ach maoim i ndiaidh maoim i ndiaidh maoim. Chuile uair a chroch mé mo chloigeann chun an pucán a fheiceal, bhuail maoim sa straois mé.

Mo cholceathrar, Darach, ag críochnú


Bhí mé ag cailleadh misní de réir mar a bhí an snámh ag dul ar aghaidh, agus é geallta agam faoin am gur tháinig muid go dtí an poinnte leath-bealaigh nach raibh mé chun aon phlé a bheith arís agam le tríatlain nuair a bheadh 2011 caite! Ach nuair a thug mé aghaidh ar an trá arís, ar a laghad bhí an tonnta mo bhrú i dtreo an chladaigh. Ní raibh an chuma ar rudaí go raibh an trá ag teacht mórán níos gaire, áfach, ach faoi dheireadh, d’eirigh mé amach as an uisce, agus íontas orm nach é an t-úfás sin daoine a bhí romham.

Am Snámh: 16:34 (22/90, 24.5%)

T1: 1:00

Amach as an gculaith uisce de léim agus suas ar an rothar, ní dheachaigh rud ar bith mí-cheart anseo.

Tuairim agus cúig chiliméadar isteach sa rothaíocht, chuaigh beirt tharam, mo cholceathrar Darach atá ina bhall den chlub agus fear as Predator Tri Club. D’fhan mé leo ar feadh an chéad leath den rothaíocht ach thosaigh siad ag imeacht uaim ansin de réir a chéile. Sin ráite, bhí mé sásta go maith leis an rothaíocht, agus iontas na n-íontas domsa, bhí mé ar an ceathrú rothaí is sciopaithe ar an lá.


Am Rothaíochta: 34:30 (4/90, 4.5%)

D’fhág mé na ballaireacha sna bróga ró-theann agus bhí sé deacair go maith agam iad a tharraingt orm, tar éis dom an rothar a fhágál uaim. Nuair a thosaigh mé an rith, bhí mé in ann Darach agus fear Predator a fheiceál tamall amach romham, agus leis an rith réasúnta láidir agam i gcomparáid leis an dá spórt eile, d’fheill sé dom gur thosaigh an cúrsa le cnoc agus thosaigh mé ag dúnamh an bearna. Chuaigh mé thar fear Predator tar éis 2km, agus thar Dharach ag 2.5km.

D’aithrigh mé an cliabhrach ag dúnamh suas ansin agus thosaigh mé dhá thógáil go réidh, ag árdú an luais arís gar don críoch.

Am Rith: 20:32 incl T2 (5/90, 5.5%)


Darach & mé féin i mbun ainilíse i ndiaidh an rás!

Am Iomlán: 1:12:36 (4/90, 4.5%)

Bhí iontas orm a chloisteáil ag an deireadh gur chríochnaigh mé sa ceathrú háit! Ní raibh súil ar bith agam críochnú chomh hard i bhfianaise mo chuid snámh, agus cé nach bhfuil aon aimhreas orm go mbeinn níos ísle sa bpaca dá mbeadh cuid de na luthchleasaithe maithe a bhí ag glacadh páirt sa rás Oilimpeach i mo rás sa, fós is breá an rud é a bheith chomh hard sa dara tríatlan agam riamh!

5.30.2011

8k an Spidéil

Ba deas rás a bheith chomh gar de bhaile, fiú má bhí an dóthain aithne agam ar an gcúrsa fios a bheith agam go raibh dó scamhóga i ndán! Bhí go leor ón gclub i láthair, muintir Árann ach go háirithe, agus bhí sé deas bualadh le roinnt acu don chéad uair.

Ba léir ó roinnt de na daoine a bhí ar an líne ag tús an rás go mbeadh an caighdeán ard, agus d’imigh seisear leo i gcuaifeach ón tús. Bhí ciliméadar caite sular chas muid suas Baile an tSagairt agus an trí chiliméadar de chnocán a bhí romhainn.

Ag teacht aníos in aghaidh chnoc Bhaile an tSagairt

Amach romham, bhí fear amháin titithe siar ón bpaca de seisear, agus ba léir óna chuid anála nach raibh na cnocáin ag dul go maith dó. Is é an t-aon duine é a ndeachaigh mé thar ar an lá, agus nuair a bhain muid bóthar Mhaigh Cuilinn amach, bhreathnaigh mé taobh thiar díom agus chonaic go raibh sé titithe siar beagán. Ach má bhí, bhí leaid éigin eile le geansaí Athenry AC air, agus é ag dúnadh an bearna a bhí eadrainn. Rinne mé iarracht an luas a ardú, ach gan aon duine romham (bhí bearna mór oscailte ag an gcéad chúigear), bhí sé deacair agam mo chuid luais a mheas. Ag teacht gar don deireadh, chuala mé cosa ag bualadh taobh thiar díom, agus b’éigin dom iarracht mór a chur isteach fear Bhaile Átha an Rí a chloí. Ba fada liom go dtiocfadh an líne, agus bhí mo chuid scamhóga buíoch nuair a tháinig.

Rás deacair ach taitneamhach, agus an-deas bualadh le na baill ar fad ón gclub a bhí ag glacadh páirt.

8k an Spidéil:

31:35, 6ú háit

Ar Ais ó Saoire

Fágann saoire deas thar lear go bhfuil sé tamall ó thug mé an blag seo suas chun dáta! Chaith slua breá againn seachtain ar bhád agus muid ag tabhairt faoi cruise ar an Meán Mhuir. Bhí a chuid dúshláin féin ag baint le traenáil agus muid ar an bhfarraige (b’é an méid bia a bhí ar fáil ar an mbád, an Navigator of the Seas, an dúshlán ba mhó), ach ní raibh aon easpa áiseanna ar fáil.

I measc na n-áiseanna, bhí cosán rith ar an mbád, agus ‘spáineann an pictiúr seo thíos an taifead GPS do seisiún traenála a rinne mé agus muid ag tarraingt amach as calafort Kusadasi sa Tuirc:



B’é an 2.5 uair a chloig a chaith mé ar an rothar sa gym an seisiún ba faide agus ba leadránaí (agus a d’fhág toinn tinn agam), agus ba snámh sa bhfarraige i Chania i dtuaiseart Crete an seisiún ba deise.

5.12.2011

Tá mé anois i lár seachtain a ceathair de mo chlár 20 seachtain, agus ní chreidim go bhfuil ceithre seachtainí beagnach caite cheana féin! Seachtain “scíth” í seo, agus cé go bhfuil roinnt seisiúin caillte agam le roinnt seachtainí, níl mé chun dul ag argóint leis an gclár traenála! Seachtain scíth, mar sin!

Dé Máirt, is seisiún ar an rothar a bhí i gceist, meascán de bhabhtaí gearra crua agus gnáth-rothaíocht. Is pian sa toinn ceart an ghaoth láidir atá againn na laethanta seo, go háirithe agus tú tuirseach agus tú ag dul in aghaidh na gaoth ar an mbealach abhaile. Thimpeall Ros a Mhíl a chuaigh mé, agus bhí an cleachtadh ar an rothar nua le linn stoirm ghaoth ag teastáil!

Thosaigh an lá inné le “intervals”. Tá an ghráin agam ar “intervals” agus is iomaí seisiún rith atá caillte agam de bharr an drogall tabhairt faoin obair chrua, go háirithe an chéad rud ar maidin! Níor chuidigh an bháisteach maidin inné, ach mar a thárlaíonn sé, ní raibh an seisiún chomh dona agus a cheap mé a bheadh. 10 x 400m a bhí i gceist, le 90 soicind scíth idir na “intervals”. Bhí an pháirc ró-fhliuch tar éis an bháisteach uilig, agus is thíos ar bhóthar Thrá an Dóilín a thug mé futhú.

Ag teacht abhaile ó Chaisleán an Bharraigh sa trathnóna, stop mé ag an linn snámha. Aithrím fós an snámh a bheith thar a bheith deacair, agus titeann céibí cén beagán teicníc atá agam as a chéile nuair a gheobhaim tuirseach (agus ní bhíonn mé i bhfad ag snámh sula mbíonn mé tuirseach!)

Déanta: 300m, 8 x 25m teicníc, 5 x 100m, 300m

Iomlán: 1300m

Isteach sa linn snámha arís inniu

Déanta: 300m, 8 x 25m teicníc, 8 x 100m, 300m

An chéad seisiún rith againn mar chlub trathnóna inniu, agus mé ag súil go mór leis!

5.08.2011

Feictear dom go bhfuil coinneal blag cineál cosúil le coinneal le clár traenála. Tosaíonn tú amach go maith, lán de dhíocas, cailleann tú lá anseo agus ansiúd ach sula bhfad, tá an baol ann go bhfágfaidh an t-easpa leanúnachas go dtitfidh an rud ar fad as a chéile!

Ar aon dóigh, tá an tríú seachtain traenála curtha díom agam ó shin, agus d’fhág ráig tinnis boilg a thóg an mac is sine go raibh tréanáil na seachtaine seo easnamhach! Cháill mé amach ar roinnt laethanta, agus chúig seisiún ar fad a chuir mé isteach an tseachtain seo. Mar is minic leis, sé an snámh is mó a d’fhulaing le seisiún amháin

Iomlan do Seachtain 3:

Snámh: 1030 méadar

Rothaíocht: 104.62km

Rith: 19.39km

Bhí Seachtain 2 níos eachtrúil le déatlan Mhainistir na Buaille. Chuaigh mé féin, Máirín agus na buachaillí suas go Ros Comáin an mhaidin sin agus casadh orainn cúigear ball ar fad ón gclub. Bhí an lá go hálainn, an láthair go hálainn agus mé ag aireachtáil réasúnta maith tar éis coicís traenála. Thosaigh an rás le 5km rith i bPáirc Náisiúnta Loch Cé, a thosaigh suas cnocán géar agus ansin tríd coill álainn le bolamh láidir gairleog san aer. Chuaigh an rith go maith, ní dheachaigh mé ró-chrua le go mbeadh beagán sábhailte agam don rothar agus tháinig mé chomh fada leis an rothar i 19:26, an 13ú áit as 182.

Ar an rothar ansin, an chéad rás ar an rothar nua, agus ní raibh mé trí chilóméadar suas an bóthar nuair a d’imigh an slabhra di. Chuaigh beirt tharam ar an bpointe boise, agus bhí mé fulaingt ag tús an rothar, suas in aghaidh aird agus in aghaidh na gaoithe ar dhroch-bhóthar. Amach ar an mbóthar mór, agus bhí rudaí níos éasca. Ag feabhsú a bhí rudaí nuair a tháinig mé go leath-bealaigh agus thug aghaidh ar ais ar an bpáirc náisiúnta, an ghaoth le mo dhroim. Níor stop sin corr duine dul tharam, áfach, agus chríochnaigh mé i 36:59.

Ag críochnú an déatlán sa 13ú háit

Suas an deabhal de chnoc sin arís don rith deireannach 2.5km, ag iarraidh a chinntiú nach dtiocfadh duine ar bith thar mo ghualainn. 10:18.

Ina iomláine, chríochnaigh mé sa 13ú háit, agus bhí an-lá ag TríSpórt, le Marie ag buachaint rás na mban, agus Pat Ó Diorráin ag críochnú sa dara háit sa gcatagóir 40-49.

Iomlán do Seachtain 2:

Snámh: 3050 méadar

Rothaíocht: 75.2km

Rith: 28.45km


4.27.2011

An Chéad tSeachtain Críochnaithe

Bhuel, tá an chéad tseachtain i mo chlár traenála 20 seachtain curtha díom agam. An chéad uair agam naoi seisiún traenála a dhéanamh i sé lá, agus sách tuirseach dá bharr!

Tá sé roinnt laethanta ó thug mé an blag suas chun dáta. Bhí rith álainn le cladach agam ar an Satharn, síos go trá an Dóilín go dtí céibh an Dóilín, ansin chomh fada le trá na Tismeáine agus rith álainn cladaigh go Barr na Corra, agus aníos cosán garbh thar an teach inar tógadh mo mháthair!

An Rinn agus Barr na Corra ón aer

Déanta: 12.11 km i 1:00:00 (4:57 per km)

Níos deireannaí sa trathnóna, thug mé faoi Loch Chaladh Thadhg arís. Mon dieu, tá sé fuar! Fágann an culaith uisce nach dtugann tú an fuacht faoi dearadh an iomarca go dtí go dtéann do chloigeann faoi uisce. Ach by dad, tá sé fuar ansin!

Déanta: 1200m approx

Ar an Domhnach, thug mé faoi spin deas ar an rothar, siar go Loch Conaortha agus ar ais.

Mo rothar i Loch Conaortha agus mé ag tógáil scíth!

Ar an mbealach ar ais, casadh beirt orm ón gCeathrú Rua a raibh aithne agam orthú a bhí amuigh i mbun rothaíochta iad féin, Rónán Ó Sé agus Mícheál Ó Domhnaill, agus chríochnaigh mé an aistir ina gcomhluadar siúd agus mac le Rónán agus a chara. Casadh grúpa ó Galway Bay Cycling Club orainn ar an mbealach ó dheas, agus bhí an comhluadar (agus fosctha ón ngaoth) go deas!

Déanta: 52.63km i 1:56:31 (27.1 kmph ar an meán)

Iomlán don tSeachtain:

Snámh: 2760 méadar (approx)

Rothaíocht: 128.62 km

Rith: 24.18km


4.23.2011

Tá an traenáil faoi lán-seoil na laethanta seo, ach d'aithrigh mé chomh tuirseach tar éis rith éadrom a dhéanamh ar an Déardaoin. Is go dona a bhí na cosa ag fanacht fúm.

Déanta: 8.37km i 40.06 (4.47 nóiméad per km)

An trathnóna céanna, chuaigh mé ag snámh don chéad uair riamh sa loch is gaire den teach, Loch Chaladh Thadhg.
Ag teacht isteach as Loch Chaladh Thadhg

Chaith mé go leor de m'óige ag curachadóireacht ar an loch chéanna, ach b'é seo chéad uair agam ag snámh innte. Fuar, dorcha, is go dona a bhí mo lámh le feiceál romham! Níor aithrigh rudaí baileach chomh fuar tar éis tamall, agus bhí dhá eala agam mar chomhluadar, ag fanacht idir mé agus a nead a bhí ar an taobh thiar den loch.

Déanta: 850 méadar i 18:57

Inné, fuair mé seisiún snáthaidpholladh (acupuncture!) déanta agus bhí mo chuid leibhéalacha fuinnimh i bhfad níos airde ina dhiaidh. Seisiún amháin traenála a bhí inné, turas rothair thimpeall ar Ros a'Mhíl. Crua leis an ngaoth i m'éadan, ach fiúntach (tá súil agam...).

Déanta: 27.22km i 55:10 (29.6kph)

4.21.2011

Tús Leis an Traenáil (Arís Eile!)

B’é Dé Máirt an chéad lá de mo chuid traenáil don leath-Ironman, agus cé nár chloí mé leis an rud a bhí leagtha amach dom sa gclár traenála, bhí mé sásta go maith leis an lá.

Tá mé saor ón obair an tseachtain seo, agus d’fhág sin go raibh mé in ann aghaidh a thabhairt ar Thrá an Dóilín ag am lóin chun mo chulaith uisce nua a thriáil amach. Tá conradh urraíocha ag TríSpórt, ár gclub tríatlan, le Xterra, comhlacht Meiriceánach a dhéanann cultacha uisce, agus ní fhéadfainn diúltú don tairiscint culaith maith a fháil ar leath-phraghas!

Mar a bheadh amadán, chuaigh mé síos ag an trá agus é ina iar-thrá, ach é ag tuille go tréan, rud a d’fhág go raibh sruth láidir anuas Cuan an Fhir Mhóir. Ag siúl amach sa bhfarraige, níor aithrigh rudaí ró-fhuar go dtí gur chuir mé mo chloigeann san uisce... BAM! Mar a bheadh casúr ar an mbaithis!

Thosaigh mé liom ag snámh, agus is é an chéad rud a thug mé faoi dearadh an tionchar a bhíonn ag an gculaith uisce ar do chuid snámh. D’aithrigh mé ar nós snámhaí ceart, mo chosa crochta ag an neoprene agus mé ag luí i gceart san uisce. Thug mé faoi dearadh freisin go bhfuil difríocht mór idir a bheith ag leanacht líne dubh sa linn snámha, agus a bheith ag breathnú anuas ar fheamainn agus ar charraigeacha... deacair líne díreach a choinneal, agus obair mhór ag snámh in aghaidh an tsruth.

Ní hé an t-úfás a rinne mé, 660 méadar, ach breá sásta leis an gculaith uisce, agus sásta gur thug mé faoin bhfarraige don chéad uair i mbliana.

Déanta: 660m i 17:57

An trathnóna céanna, bhí rás 5km i mBóthar na Trá agus roinnt de bhaill an chlub ag tabhairt faoi. Tá sé tamall ó rinne mé aon obair luais ó thaobh an rith de, agus bhí barúil mhaith agam go saothróinn le linn an rás an t-easpa oibre sin!

Bhí rudaí ag dul go breá go dtí go raibh 2km caite, agus thosaigh mé ag fulaingt! Faoi 3km, bhí droch “stitch” i mo chliabhrach, agus thosaigh mé ag moilliú. Chuaigh beirt tharam ar an bpoinnte boise! Ní raibh ann ansin ach coinneal orm agus súil nach rachadh an iomarca eile tharam don 2k deireannach. Duine eile a tháinig suas liom roimh an deireadh agus chríochnaigh mé sa 15ú áit in am de 19:23.

Mar is minic le na mná i TríSpórt, bhain Marie amach áit ar an bpóidiam mar an tríú bean a chríochnaigh. Ina iomláine, bhí ochtar ar fad ag rith faoi ainm TríSpórt, agus bhí sé go deas bualadh le mo chuid comh-bhaill ! (buíochas do Bhreandán as an bpictiúr thíos)


Pádraic, mé féin, James, Majella agus Breandán tar éis an 5k

Déanta: 3.15 míle i 19:29 (6:10 in aghaidh an mhíle)

B’é lá breithe Phádraic inné é agus diabhal bealach níos fearr lena cheiliúradh ach dul amach ar na rothair nua. Chuile sheans go raibh cuma an “gimp” ar an mbeirt againn, na rothair céanna, an t-eádach foirne Bretagne Schuller céanna!

D’aithrigh mé féin na cosa an-trom agus b’éigin do P fanacht liom ag roinnt áiteacha. Siar go Leitir Mealláin agus aniar a chuaigh muid. Tá go leor oibre le déanamh ar an rothar go fóill agam.

Déanta: 30.3 míle i 1:42:52

4.20.2011

Tro Bro Leon

Ar ais in Éirinn arís tar éis deireadh seachtaine sa mBriotáin, agus mar a bhí sa bhFrainc, tá an ghrian amuigh inniu ar an gCeathrú Rua.
Chaith mé féin agus Pádraic ón gclub TríSpórt cúpla lá ag obair ag obair ag Tro Bro León, rás gairmiúil rothaíochta ó thuaidh de Brest, “Paris Roubaix” na Briotáine mar a thugann siad féin air!
Bhí an-lá againn ar an Satharn mar go ndearna muid 60km de chúrsa an rás i gcomhluadar Mikel Hinault, mac le laoch mór na Briotáine, Bernard. Amuigh linn ar na sportif freisin bhí Jean René Bernaudeau, bainisteoir foireann rothaíochta Europcar agus fear a raibh geansaí buí an Tour de France ar a dhroim le linn an rás úd i 1979. Tháinig muid suas lena thaobh agus muid ar an gcúrsa, ach bhí sé cineálta a rá nach fear an-suáilceach é Jean René!

Ag fulaingt ar na cnocáin!

B’é seo an chéad uair agam ag glacadh páirt in imeacht ar nós sin, agus cé gur craitheadh an t-anam go maith asam ar na bóithre garbh, bhain mé fíor-sult as (cé gur mé atá buíoch gurb é an leagan 60km a rinne muid, seachas an leagan 120km!).
An cúrsa críochnaithe agam féin agus Pádraic

An lá dár gcionn, d’fhill muid ar bhaile Lannillis don rás féin. Bhí foirne móra gairmiúla na Fraince ar fad ann (Europcar, AG2R, Vacansoleil, Les Francais des Jeaux), chomh maith le clubann eachtrannacha. An rud a chuaigh i bhfeidhm orm chomh deas agus a bhí chuile dhuine, is cuma más duine den lucht eagraithe a bhí i gceist, nó rothaithe móra le rá ar nós Roman Feillu agus Sebastian Hinault.
Chaith mé an lá i gcarranna foirne fhoireann Bretagne Schuller, chun cinn ar an rás leis an directeur sportif, ag tarraingt isteach ar thaobh an bhóthair chun freastal ar na rothaithe agus iad ag teacht amach as bóithre garbh ar an gcúrsa. Don dara leath den rás, bhí mé i gcarr an leas-directuer sportif, a bhí ag taisteal le taobh an peleton féin. A leithid de radharc. Rothaíthe ag titim, boinn pollta, carranna ag dul amach thar a chéile agus amach thar rothaithe ag luas aisteach!

Tro Bro León 2011

Bhí droch-lá ag Bretagne Schuller, bhí a gcuid rothaithe sách íseal thíos sa bpaca, agus is é Vincent Jerome ó Europcar a thug an lá leis sa deireadh.
Maidir le rothaíocht mar shlí gairme, níl a fhios agam cé a dhéanfadh é tar éis an Tro Bro Leon a fheiceál! Dá gcuirfeá iachall ar chapaill an rud a rinne na leaids sin a dhéanamh ar an Domhnach, chuirfí cosc ar an imeacht de bharr chomh cruálach agus a bhí sé... 260km agus cúig uair a chloig d’ifreann (ach an-taitneamhach don lucht féachana!)

Déanta:
Rothaíocht: 37.32 míle i 2:08

4.12.2011

Tá frustrachas go leor ag baint le mo chuid traenála na laethanta seo.  Ní túisce ag tosnú mé go dtagann rud éigin salach ar an obair arís.  Dé hAoine seo caite, bhí an chéad seisiún dúbailte agam le fada.  Ní raibh sé beartaithe agam gur mar sin a bheadh, ach phioc mé suas rothar nua an trathnóna sin, agus chaithfinn, ar ndóigh, "spin" a bhaint aiste sula mbeadh an lá caite.

Ar maidin, thug mé faoi rith síos go Trá an Dóilín, thimpeall céibh an Dóilín, timpeall ar Chuileán agus ar ais ag an teach.  Bhí an mhaidin go haoibhinn, ceo ar na cnoic agus é ina chalam dearg.

An radharc ón teach maidin Dé hAoine

Déanta: 5:45 míle i 42:49 / 7:51 per míle

An trathnóna céanna, chuaigh mé féin agus colceathrar liom amach ar an rothar thimpeall ar Mhuiceanach.  Bhí an-iontas orm faoin difríocht a bhí sa rothar nua i gcomparáid leis an rothar eile atá agam.  Felt B16 atá faighte agam, rothar am-trialach, agus cinnte, is féidir an luas a hardú go mór uirthe!

Déanta: 16.27km 


Ar an Satharn, bhuail lagar de chineál mé ag mé ag gearradh féir, níl a fhios agam sa diabhal céard a bhí ann ach tá mé ag dul ag an dochtúir amárach.  D'fhág sin nach ndearna mé aon traenáil ar an Domhnach, ach thug mé an bheirt leaids óga amach go dtí an Teach Dóite chun tacaíocht a thabhairt do lucht an Connemarathon.  Bhí roinnt baill ón gclub ag rásaíocht agus bhí sé iontach iad a fheiceáil.  D'eirigh thar cionn le chuile dhuine acu.  Bhain mé an-sásamh as an lá, bhí iontas orm an méid daoine ar aithne mé a fheiceál i mbun iomaíochta.

Ar ais ag an physio arís inné, níl an gortú hip flexor ina cheart go fóill.  Tá mo chuid traenála don Ironman 70.3 ag tosnú seachtain ó inniu, agus tá mo chuid traenála titíthe as a chéile ina iomláine...

4.06.2011

Tús le Traenáil Arís

Tá sé tamall maith ó rinne mé aon traenáil, a bhuíochas sin de mheascán de ghortú agus tinneas.  Tá an gortú fós ag dul dom, ach ar a laghad is féidir rith leis (ní féidir aon rothaíocht ná snámh a dhéanamh, mar go gcuireann sé as don hip flexor).

D'eirigh mé maidin inniu, agus in aineoinn drogall tabhairt faoi mhaidin gaofar, bhuail mé liom amach agus gan d'fheidhm agam ach roinnt míllte a dhéanamh in iarracht teacht ar beagán aclaíochta arís.  Níor bhac mé le haon luas ar leith a choinneál, agus cé go raibh beagán pianta i dtosach ann, d'aithridh an hip flexor go maith.  Tús dearfach traenála, tá súil agam!
Trá an Dóilín ar mhaidin fhuar!
Tá sé d'adh orm go bhfuil go leor bóithre agus bealaí deasa in aice leis an teach, agus thug mé ar Thrá an Dóilín, thimpeall le cladach ansin go céibh an Dóilín agus síos agus an aníos an Rinn.  Is álainn an spota é Trá an Dóilín, ní gaineamh ach cineál coiréal atá ann,

Déanta:
4.15 míle i 34:02 /8:12 per míle

4.04.2011

Tús Nua...

Sé An Bóthar Iarainn mo chéad iarracht ar bhlag, cé go bhfuil mé ag coinneál dialann traenála le hos cionn bliana anois ar boards.ie.  Cé go bhfuil sé i gceist agam leanacht leis sin, tá súil agam go dtabharfaidh an blag deis imeacht ón gcur síos eolaíoch a bhaineann le traenáil, agus níos mó deis cur síos ar an spraoi agus ar na dushláin a bhaineann le traenáil do Ironman 70.3, agus gan dearmad a dhéanamh ag an am céanna ar mo bhean, mo chuid ghasúir, mo chuid oibre agus na caithimh aimsire eile a théann i ndearmad nuair a bhíonn duine ag iarraidh coinneál leis an snámh, rith agus rothaíocht!


Cuirfidh an blag síos freisin ar TríSpórt, club tríatlan a bunaíodh i nGaeltacht Chonamara ag tús 2011, agus atá mar chuid lárnach de dhúshlán an leath-Ironman.  Céard é an Ironman 70.3 mar sin?  Snámh 1.9k i gCuan na Gaillimhe amach ó Bhóthar na Trá, 90k ar an rothar siar go dtí an Teach Dóite i gcroí-lár Chonamara agus 21.1k de rith thimpeall ar chathair na Gaillimhe.  Seachas leagan gearr de thríatlan a rinne mé anuraidh, is é seo an chéad uair agam tabhairt faoina léithid seo, agus cinnte, an chéad uair tabhairt faoi thraenáil ar an scála seo.
An 1.9k snámh san Ironman 70.3, an dúshlán is mó dom!

Droch-thús atá leis an aistir ar an mBóthar Iarainn, áfach, agus seachtain caite ar an leaba agam le scórnach tinn, agus beagnach trí seachtainí caite agam ar bheagán traenáil de bharr gortú a bhaineann le matáin sa gcorróig.  Thug mé cuairt ar an gcírichleachtóir inniu, agus níl a fhios ag ceachtar againn cén uair a bheidh mé i mo cheart arís.  Go luath, tá súil agam!  Is féidir liom rith go mall leis an ngortú, ach ní féidir liom tabhairt faoi snámh ná faoi rothaíocht.  Tá mé ag dul as mo mheabhair faoi láthair dá bharr seo, agus tá chuile dhuine thimpeall orm dhá gcur as a meabhair freisin dá bharr!

Déanfaidh mé cur síos sa gcéad phostáil eile ar mo stair ghairid aclaíochta, agus ar céard atá amach romham i 2011.