4.27.2011

An Chéad tSeachtain Críochnaithe

Bhuel, tá an chéad tseachtain i mo chlár traenála 20 seachtain curtha díom agam. An chéad uair agam naoi seisiún traenála a dhéanamh i sé lá, agus sách tuirseach dá bharr!

Tá sé roinnt laethanta ó thug mé an blag suas chun dáta. Bhí rith álainn le cladach agam ar an Satharn, síos go trá an Dóilín go dtí céibh an Dóilín, ansin chomh fada le trá na Tismeáine agus rith álainn cladaigh go Barr na Corra, agus aníos cosán garbh thar an teach inar tógadh mo mháthair!

An Rinn agus Barr na Corra ón aer

Déanta: 12.11 km i 1:00:00 (4:57 per km)

Níos deireannaí sa trathnóna, thug mé faoi Loch Chaladh Thadhg arís. Mon dieu, tá sé fuar! Fágann an culaith uisce nach dtugann tú an fuacht faoi dearadh an iomarca go dtí go dtéann do chloigeann faoi uisce. Ach by dad, tá sé fuar ansin!

Déanta: 1200m approx

Ar an Domhnach, thug mé faoi spin deas ar an rothar, siar go Loch Conaortha agus ar ais.

Mo rothar i Loch Conaortha agus mé ag tógáil scíth!

Ar an mbealach ar ais, casadh beirt orm ón gCeathrú Rua a raibh aithne agam orthú a bhí amuigh i mbun rothaíochta iad féin, Rónán Ó Sé agus Mícheál Ó Domhnaill, agus chríochnaigh mé an aistir ina gcomhluadar siúd agus mac le Rónán agus a chara. Casadh grúpa ó Galway Bay Cycling Club orainn ar an mbealach ó dheas, agus bhí an comhluadar (agus fosctha ón ngaoth) go deas!

Déanta: 52.63km i 1:56:31 (27.1 kmph ar an meán)

Iomlán don tSeachtain:

Snámh: 2760 méadar (approx)

Rothaíocht: 128.62 km

Rith: 24.18km


4.23.2011

Tá an traenáil faoi lán-seoil na laethanta seo, ach d'aithrigh mé chomh tuirseach tar éis rith éadrom a dhéanamh ar an Déardaoin. Is go dona a bhí na cosa ag fanacht fúm.

Déanta: 8.37km i 40.06 (4.47 nóiméad per km)

An trathnóna céanna, chuaigh mé ag snámh don chéad uair riamh sa loch is gaire den teach, Loch Chaladh Thadhg.
Ag teacht isteach as Loch Chaladh Thadhg

Chaith mé go leor de m'óige ag curachadóireacht ar an loch chéanna, ach b'é seo chéad uair agam ag snámh innte. Fuar, dorcha, is go dona a bhí mo lámh le feiceál romham! Níor aithrigh rudaí baileach chomh fuar tar éis tamall, agus bhí dhá eala agam mar chomhluadar, ag fanacht idir mé agus a nead a bhí ar an taobh thiar den loch.

Déanta: 850 méadar i 18:57

Inné, fuair mé seisiún snáthaidpholladh (acupuncture!) déanta agus bhí mo chuid leibhéalacha fuinnimh i bhfad níos airde ina dhiaidh. Seisiún amháin traenála a bhí inné, turas rothair thimpeall ar Ros a'Mhíl. Crua leis an ngaoth i m'éadan, ach fiúntach (tá súil agam...).

Déanta: 27.22km i 55:10 (29.6kph)

4.21.2011

Tús Leis an Traenáil (Arís Eile!)

B’é Dé Máirt an chéad lá de mo chuid traenáil don leath-Ironman, agus cé nár chloí mé leis an rud a bhí leagtha amach dom sa gclár traenála, bhí mé sásta go maith leis an lá.

Tá mé saor ón obair an tseachtain seo, agus d’fhág sin go raibh mé in ann aghaidh a thabhairt ar Thrá an Dóilín ag am lóin chun mo chulaith uisce nua a thriáil amach. Tá conradh urraíocha ag TríSpórt, ár gclub tríatlan, le Xterra, comhlacht Meiriceánach a dhéanann cultacha uisce, agus ní fhéadfainn diúltú don tairiscint culaith maith a fháil ar leath-phraghas!

Mar a bheadh amadán, chuaigh mé síos ag an trá agus é ina iar-thrá, ach é ag tuille go tréan, rud a d’fhág go raibh sruth láidir anuas Cuan an Fhir Mhóir. Ag siúl amach sa bhfarraige, níor aithrigh rudaí ró-fhuar go dtí gur chuir mé mo chloigeann san uisce... BAM! Mar a bheadh casúr ar an mbaithis!

Thosaigh mé liom ag snámh, agus is é an chéad rud a thug mé faoi dearadh an tionchar a bhíonn ag an gculaith uisce ar do chuid snámh. D’aithrigh mé ar nós snámhaí ceart, mo chosa crochta ag an neoprene agus mé ag luí i gceart san uisce. Thug mé faoi dearadh freisin go bhfuil difríocht mór idir a bheith ag leanacht líne dubh sa linn snámha, agus a bheith ag breathnú anuas ar fheamainn agus ar charraigeacha... deacair líne díreach a choinneal, agus obair mhór ag snámh in aghaidh an tsruth.

Ní hé an t-úfás a rinne mé, 660 méadar, ach breá sásta leis an gculaith uisce, agus sásta gur thug mé faoin bhfarraige don chéad uair i mbliana.

Déanta: 660m i 17:57

An trathnóna céanna, bhí rás 5km i mBóthar na Trá agus roinnt de bhaill an chlub ag tabhairt faoi. Tá sé tamall ó rinne mé aon obair luais ó thaobh an rith de, agus bhí barúil mhaith agam go saothróinn le linn an rás an t-easpa oibre sin!

Bhí rudaí ag dul go breá go dtí go raibh 2km caite, agus thosaigh mé ag fulaingt! Faoi 3km, bhí droch “stitch” i mo chliabhrach, agus thosaigh mé ag moilliú. Chuaigh beirt tharam ar an bpoinnte boise! Ní raibh ann ansin ach coinneal orm agus súil nach rachadh an iomarca eile tharam don 2k deireannach. Duine eile a tháinig suas liom roimh an deireadh agus chríochnaigh mé sa 15ú áit in am de 19:23.

Mar is minic le na mná i TríSpórt, bhain Marie amach áit ar an bpóidiam mar an tríú bean a chríochnaigh. Ina iomláine, bhí ochtar ar fad ag rith faoi ainm TríSpórt, agus bhí sé go deas bualadh le mo chuid comh-bhaill ! (buíochas do Bhreandán as an bpictiúr thíos)


Pádraic, mé féin, James, Majella agus Breandán tar éis an 5k

Déanta: 3.15 míle i 19:29 (6:10 in aghaidh an mhíle)

B’é lá breithe Phádraic inné é agus diabhal bealach níos fearr lena cheiliúradh ach dul amach ar na rothair nua. Chuile sheans go raibh cuma an “gimp” ar an mbeirt againn, na rothair céanna, an t-eádach foirne Bretagne Schuller céanna!

D’aithrigh mé féin na cosa an-trom agus b’éigin do P fanacht liom ag roinnt áiteacha. Siar go Leitir Mealláin agus aniar a chuaigh muid. Tá go leor oibre le déanamh ar an rothar go fóill agam.

Déanta: 30.3 míle i 1:42:52

4.20.2011

Tro Bro Leon

Ar ais in Éirinn arís tar éis deireadh seachtaine sa mBriotáin, agus mar a bhí sa bhFrainc, tá an ghrian amuigh inniu ar an gCeathrú Rua.
Chaith mé féin agus Pádraic ón gclub TríSpórt cúpla lá ag obair ag obair ag Tro Bro León, rás gairmiúil rothaíochta ó thuaidh de Brest, “Paris Roubaix” na Briotáine mar a thugann siad féin air!
Bhí an-lá againn ar an Satharn mar go ndearna muid 60km de chúrsa an rás i gcomhluadar Mikel Hinault, mac le laoch mór na Briotáine, Bernard. Amuigh linn ar na sportif freisin bhí Jean René Bernaudeau, bainisteoir foireann rothaíochta Europcar agus fear a raibh geansaí buí an Tour de France ar a dhroim le linn an rás úd i 1979. Tháinig muid suas lena thaobh agus muid ar an gcúrsa, ach bhí sé cineálta a rá nach fear an-suáilceach é Jean René!

Ag fulaingt ar na cnocáin!

B’é seo an chéad uair agam ag glacadh páirt in imeacht ar nós sin, agus cé gur craitheadh an t-anam go maith asam ar na bóithre garbh, bhain mé fíor-sult as (cé gur mé atá buíoch gurb é an leagan 60km a rinne muid, seachas an leagan 120km!).
An cúrsa críochnaithe agam féin agus Pádraic

An lá dár gcionn, d’fhill muid ar bhaile Lannillis don rás féin. Bhí foirne móra gairmiúla na Fraince ar fad ann (Europcar, AG2R, Vacansoleil, Les Francais des Jeaux), chomh maith le clubann eachtrannacha. An rud a chuaigh i bhfeidhm orm chomh deas agus a bhí chuile dhuine, is cuma más duine den lucht eagraithe a bhí i gceist, nó rothaithe móra le rá ar nós Roman Feillu agus Sebastian Hinault.
Chaith mé an lá i gcarranna foirne fhoireann Bretagne Schuller, chun cinn ar an rás leis an directeur sportif, ag tarraingt isteach ar thaobh an bhóthair chun freastal ar na rothaithe agus iad ag teacht amach as bóithre garbh ar an gcúrsa. Don dara leath den rás, bhí mé i gcarr an leas-directuer sportif, a bhí ag taisteal le taobh an peleton féin. A leithid de radharc. Rothaíthe ag titim, boinn pollta, carranna ag dul amach thar a chéile agus amach thar rothaithe ag luas aisteach!

Tro Bro León 2011

Bhí droch-lá ag Bretagne Schuller, bhí a gcuid rothaithe sách íseal thíos sa bpaca, agus is é Vincent Jerome ó Europcar a thug an lá leis sa deireadh.
Maidir le rothaíocht mar shlí gairme, níl a fhios agam cé a dhéanfadh é tar éis an Tro Bro Leon a fheiceál! Dá gcuirfeá iachall ar chapaill an rud a rinne na leaids sin a dhéanamh ar an Domhnach, chuirfí cosc ar an imeacht de bharr chomh cruálach agus a bhí sé... 260km agus cúig uair a chloig d’ifreann (ach an-taitneamhach don lucht féachana!)

Déanta:
Rothaíocht: 37.32 míle i 2:08

4.12.2011

Tá frustrachas go leor ag baint le mo chuid traenála na laethanta seo.  Ní túisce ag tosnú mé go dtagann rud éigin salach ar an obair arís.  Dé hAoine seo caite, bhí an chéad seisiún dúbailte agam le fada.  Ní raibh sé beartaithe agam gur mar sin a bheadh, ach phioc mé suas rothar nua an trathnóna sin, agus chaithfinn, ar ndóigh, "spin" a bhaint aiste sula mbeadh an lá caite.

Ar maidin, thug mé faoi rith síos go Trá an Dóilín, thimpeall céibh an Dóilín, timpeall ar Chuileán agus ar ais ag an teach.  Bhí an mhaidin go haoibhinn, ceo ar na cnoic agus é ina chalam dearg.

An radharc ón teach maidin Dé hAoine

Déanta: 5:45 míle i 42:49 / 7:51 per míle

An trathnóna céanna, chuaigh mé féin agus colceathrar liom amach ar an rothar thimpeall ar Mhuiceanach.  Bhí an-iontas orm faoin difríocht a bhí sa rothar nua i gcomparáid leis an rothar eile atá agam.  Felt B16 atá faighte agam, rothar am-trialach, agus cinnte, is féidir an luas a hardú go mór uirthe!

Déanta: 16.27km 


Ar an Satharn, bhuail lagar de chineál mé ag mé ag gearradh féir, níl a fhios agam sa diabhal céard a bhí ann ach tá mé ag dul ag an dochtúir amárach.  D'fhág sin nach ndearna mé aon traenáil ar an Domhnach, ach thug mé an bheirt leaids óga amach go dtí an Teach Dóite chun tacaíocht a thabhairt do lucht an Connemarathon.  Bhí roinnt baill ón gclub ag rásaíocht agus bhí sé iontach iad a fheiceáil.  D'eirigh thar cionn le chuile dhuine acu.  Bhain mé an-sásamh as an lá, bhí iontas orm an méid daoine ar aithne mé a fheiceál i mbun iomaíochta.

Ar ais ag an physio arís inné, níl an gortú hip flexor ina cheart go fóill.  Tá mo chuid traenála don Ironman 70.3 ag tosnú seachtain ó inniu, agus tá mo chuid traenála titíthe as a chéile ina iomláine...

4.06.2011

Tús le Traenáil Arís

Tá sé tamall maith ó rinne mé aon traenáil, a bhuíochas sin de mheascán de ghortú agus tinneas.  Tá an gortú fós ag dul dom, ach ar a laghad is féidir rith leis (ní féidir aon rothaíocht ná snámh a dhéanamh, mar go gcuireann sé as don hip flexor).

D'eirigh mé maidin inniu, agus in aineoinn drogall tabhairt faoi mhaidin gaofar, bhuail mé liom amach agus gan d'fheidhm agam ach roinnt míllte a dhéanamh in iarracht teacht ar beagán aclaíochta arís.  Níor bhac mé le haon luas ar leith a choinneál, agus cé go raibh beagán pianta i dtosach ann, d'aithridh an hip flexor go maith.  Tús dearfach traenála, tá súil agam!
Trá an Dóilín ar mhaidin fhuar!
Tá sé d'adh orm go bhfuil go leor bóithre agus bealaí deasa in aice leis an teach, agus thug mé ar Thrá an Dóilín, thimpeall le cladach ansin go céibh an Dóilín agus síos agus an aníos an Rinn.  Is álainn an spota é Trá an Dóilín, ní gaineamh ach cineál coiréal atá ann,

Déanta:
4.15 míle i 34:02 /8:12 per míle

4.04.2011

Tús Nua...

Sé An Bóthar Iarainn mo chéad iarracht ar bhlag, cé go bhfuil mé ag coinneál dialann traenála le hos cionn bliana anois ar boards.ie.  Cé go bhfuil sé i gceist agam leanacht leis sin, tá súil agam go dtabharfaidh an blag deis imeacht ón gcur síos eolaíoch a bhaineann le traenáil, agus níos mó deis cur síos ar an spraoi agus ar na dushláin a bhaineann le traenáil do Ironman 70.3, agus gan dearmad a dhéanamh ag an am céanna ar mo bhean, mo chuid ghasúir, mo chuid oibre agus na caithimh aimsire eile a théann i ndearmad nuair a bhíonn duine ag iarraidh coinneál leis an snámh, rith agus rothaíocht!


Cuirfidh an blag síos freisin ar TríSpórt, club tríatlan a bunaíodh i nGaeltacht Chonamara ag tús 2011, agus atá mar chuid lárnach de dhúshlán an leath-Ironman.  Céard é an Ironman 70.3 mar sin?  Snámh 1.9k i gCuan na Gaillimhe amach ó Bhóthar na Trá, 90k ar an rothar siar go dtí an Teach Dóite i gcroí-lár Chonamara agus 21.1k de rith thimpeall ar chathair na Gaillimhe.  Seachas leagan gearr de thríatlan a rinne mé anuraidh, is é seo an chéad uair agam tabhairt faoina léithid seo, agus cinnte, an chéad uair tabhairt faoi thraenáil ar an scála seo.
An 1.9k snámh san Ironman 70.3, an dúshlán is mó dom!

Droch-thús atá leis an aistir ar an mBóthar Iarainn, áfach, agus seachtain caite ar an leaba agam le scórnach tinn, agus beagnach trí seachtainí caite agam ar bheagán traenáil de bharr gortú a bhaineann le matáin sa gcorróig.  Thug mé cuairt ar an gcírichleachtóir inniu, agus níl a fhios ag ceachtar againn cén uair a bheidh mé i mo cheart arís.  Go luath, tá súil agam!  Is féidir liom rith go mall leis an ngortú, ach ní féidir liom tabhairt faoi snámh ná faoi rothaíocht.  Tá mé ag dul as mo mheabhair faoi láthair dá bharr seo, agus tá chuile dhuine thimpeall orm dhá gcur as a meabhair freisin dá bharr!

Déanfaidh mé cur síos sa gcéad phostáil eile ar mo stair ghairid aclaíochta, agus ar céard atá amach romham i 2011.