8.31.2011

Trasna an Chuain!

Tá roinnt spriocanna a bhí uaim a bhaint amach i mbliana, agus go dtí Dé Domhnaigh seo caite, ní raibh ceann ar bith acu déanta agam.
1. Ironman 70.3 na Gaillimhe a dhéanamh (beidh a fhios agam Dé Domhnaigh seo chugainn an mbeidh sé sin déanta!)
2. Leath-mharatón a rith faoi 1:30:00 (níl aon mhacnamh ceart deanta agam faoi seo fós!)
3. Snámh trasna Cuan an Fhir Mhóir

Tá kayak ceannaithe ag mo dheartháir céile, agus nuair a chonaic mé go raibh, d'fhiafraigh mé air comhluadar a choinneál liom agus mé ag iarraidh snámh ó Thrá an Dóilín, trasna go dtí an Trá Bháin agus ar ais.

Ag breathnú trasna Cuan an Fhir Mhóir ó Thrá an Dóilín 

Ní cuan an-leathan atá i gceist, ach tá sruth láidir ann, agus nuair a bhí muid tuairim agus trí-ceathrú bealach trasna, bhí mé dhá fháil an-deacair aon dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh an tsruth, a bhí mo chaitheamh suas an cuan.  Faoi dheireadh, bhain muid an taobh thall amach, agus shnámh mé aníos ón sean-teampall go dtí go raibh mé ar aghaidh an Dóilín arís.  Theas mé ar an trá ansin ar feadh nóiméad nua dhó, agus thug m'aghaidh trasna arís.

Ní raibh sé i bhfad sula raibh greim ag an sruth arís orm, agus d'aithrigh sé gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, seachas díreach ar aghaidh.  Mar a thárlaíonn sé, 'spáineann an t-íomha GPS ón snámh gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, go deimhin!:

Faoi dheireadh, is faoi chéibh an Dóilín a chríochnaigh mé, agus b'éigin dom siúl as sin go Trá an Dóilín (ní raibh mé chun tuilleadh fuinnimh a chur amú ag snámh in aghaidh an tsruth go Trá an Dóilín!).  Choinnigh Peadar leis chuig an trá leis an kayak, agus bhuail muid le chéile ansin arís.
Ina iomláine, 'spáin an GPS gur 2.36km a shnámh mé.  Cheapfainn nach bhféadfadh níos mó ná 1.6km de shnámh a bheith ann dá gcoinneofá líne díreach trasna agus ar ais, ach ní féidir líne díreach a choinneál sa sruth sin!

Maidir leis an traenáil, is gearr eile go mbeidh an lá mór liom, agus tá mé ag eirí beagán tuirseach ag an traenáil agus den traenáil.  Is fada liom go mbeidh mé i mo shuí os comhair teilifís ag breathnú ar an All-Ireland i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo chugainn!

1 comment:

  1. Tá sé sin iontach uilig - fair play...! you are having a good training now G:)

    ReplyDelete