5.30.2011

8k an Spidéil

Ba deas rás a bheith chomh gar de bhaile, fiú má bhí an dóthain aithne agam ar an gcúrsa fios a bheith agam go raibh dó scamhóga i ndán! Bhí go leor ón gclub i láthair, muintir Árann ach go háirithe, agus bhí sé deas bualadh le roinnt acu don chéad uair.

Ba léir ó roinnt de na daoine a bhí ar an líne ag tús an rás go mbeadh an caighdeán ard, agus d’imigh seisear leo i gcuaifeach ón tús. Bhí ciliméadar caite sular chas muid suas Baile an tSagairt agus an trí chiliméadar de chnocán a bhí romhainn.

Ag teacht aníos in aghaidh chnoc Bhaile an tSagairt

Amach romham, bhí fear amháin titithe siar ón bpaca de seisear, agus ba léir óna chuid anála nach raibh na cnocáin ag dul go maith dó. Is é an t-aon duine é a ndeachaigh mé thar ar an lá, agus nuair a bhain muid bóthar Mhaigh Cuilinn amach, bhreathnaigh mé taobh thiar díom agus chonaic go raibh sé titithe siar beagán. Ach má bhí, bhí leaid éigin eile le geansaí Athenry AC air, agus é ag dúnadh an bearna a bhí eadrainn. Rinne mé iarracht an luas a ardú, ach gan aon duine romham (bhí bearna mór oscailte ag an gcéad chúigear), bhí sé deacair agam mo chuid luais a mheas. Ag teacht gar don deireadh, chuala mé cosa ag bualadh taobh thiar díom, agus b’éigin dom iarracht mór a chur isteach fear Bhaile Átha an Rí a chloí. Ba fada liom go dtiocfadh an líne, agus bhí mo chuid scamhóga buíoch nuair a tháinig.

Rás deacair ach taitneamhach, agus an-deas bualadh le na baill ar fad ón gclub a bhí ag glacadh páirt.

8k an Spidéil:

31:35, 6ú háit

2 comments:

  1. an-phictiúr -téann sé go maith leis an bpíosa! Ach cén chaoi sa diabhail go rith tú le spéclaí Don Johnson ort?

    ReplyDelete
  2. Cuid de mo stráitéis rásaíochta, actually... Nuair a thosaíonn mé ag eirí tuirseach, cuimhním ar na spéaclaí, agus fiafraíonn mé dom féin: "céard a dhéanadh Don Johnson sa gcás seo? An dtosódh sé ag slackáil? Damn sure nach dtosódh... come on Crockett, let's go!"

    ReplyDelete