8.08.2011

Tríatlan Oilimpeach Brian Ború


Bhí drogall orm roimh an rás seo.  B’é seo an chéad uair agam tabhairt faoi fad Oilimpeach agus bhí an 1.5km snámh ag déanamh imní dom roimh ré.

D’fhan mé féin agus Máirín i Luimneach don oíche roimh ré, Mamó ag tabhairt aire do na leaids óga.  Tháinig muid chomh fada le Cill Dálua don rás an mhaidin dár gcionn, an lá go hálainn (go dtí gur oscail an spéir chúig nóiméad sular thosaigh an rás!).  Ní bhuaileadh tada an buntáiste áitiúil, agus bhí sin againn i bhfoirm James ón gclub, a bhfuil teach a mhuintire cúpla céad slat ón áit go dtosaíonn tríatlan Brian Ború.

Ag fanacht leis an snámh ag an tús (sular thosaigh an bháisteach!)

Ba ghearr go raibh sé in am tabhairt faoin snámh, agus bhí iontas orm faoi chomh deas agus a bhí an t-uisce, ó thaobh teocht de.  Ní raibh aon phlean agam ach é a thógáil go breá réidh don snámh agus sin a rinne mé.  Fuair mé cúpla cic sa straois, cúpla dorna sa ngualainn agus shnámh duine éigin trasna mo dhroim, ach bhí mé níos compordaí san uisce ná mar a bhí uaireannta eile.  Ag an mbuoí ag 800 méadar, d’imigh mé ar strae, áfach, agus d’imigh de bheagán den chúrsa.  Thóg sé i bhfad, feictear dom, ar an gcladach teacht níos gaire dom, ach bhain mé amach deireadh an tsnámh faoi dheireadh, in aon phíosa amháin.
Bhí mé cineál díomách leis an am, agus thar a bheith díomách le mo áit sa bpaca!
Am: 33:40, 79ú áit as 110 (71.8%)

Rinne mé cineál praiseach do T1.  Ag rith ar fhéar fliuch, d’imigh na cosa fúm, d’imigh an rothar uaim, d’imigh an bhróg den trothán clé, agus d’imigh an buidéal uisce síos an garraí.  Droch-thús!
Am: 2:00, 12/110 (10.9%) 

Cnoc géar a bhí sa gcéad cúig chiliméadar den rothar, agus cé go raibh an croí an-ard, bhí mé ag aireachtáil réasúnta compordach agus mé ag dul amach thar cuid mhaith daoine.  Thug mé liom an fána ar an taobh eile den chnoc le luas, ach leis an mbóthar chomh fliuch, beag nár imigh mé den bhóthar ar cheann de na coirnéil!
Dhá thuras ar an gcúrsa céanna a bhí ann, agus bhí an cnoc níos faide fós, feictear dom, an dara uair!  D’aithrigh mé níos láidre ná mar a d’aithrigh i rásaí níos gaire níos luaithe i mbliana.
Am: 40.95km i 1:21:31 (30.14kph) 10/110 (9.09%)

Ag teacht isteach go T2 leis an rothar

T2
Bhí na bróga rith a bhí ag fanacht romham i T2 báite, agus fuair mé crampa sa gcalapa clé ag iarraidh iad a tharraingt orm.  Níor fhan an crampa i bhfad, ámeán!
Am: 1:46 11/110 (10%)

Ag críochnú an rith
Rith
Ag teacht amach as T2, chonaic mé Máirín agus deir sí liom go raibh mé sa 25ú háit.  Dhírigh mé ar áit a bhaint amach sa gcéad fiche!  Ní raibh mé i bhfad ag dul thar beirt, ach thóg sé i bhfad teacht ar aon duine eile.  D’fhág “stitch” go raibh an chéad cheithre ciliméadar mí-chompórdach, ach bhí an dara leath den rith níos fearr.  An 10k is tapúla atá rite agam fós, agus ar chúrsa cnocach!
Am: 39:27 10/110 (9.09%)

Iomlán: 2:39:25 14/110 (12.72%)
2ú háit, Aois Ghrúpa 35-39

 Mé féin agus James ag an gcríoch

Chomh díomách agus a bhí mé leis an snámh, bhí mé thar a bheith sásta leis an gcuid eile den rás.  An dara háit i mo aois ghrúpa, agus sa 14ú háit ina iomláine. 
Níl ann anois ach díriú ar an Ironman 70.3 i gceann ceithre seachtainí!


No comments:

Post a Comment