6.15.2011

COPE Ocean Triathlon

An dara tríatlan as a chéile in imeacht seachtaine, agus an ceann seo níos gaire de bhaile i mBóthar na Trá na Gaillimhe.  Céibe cén fonn a bhí orm seo a dhéanamh nuair a chláraigh mé i rith na seachtaine, bhí drogall ceart orm roimhe faoin Aoine, le droch-phian ag teacht aníos mo sháil agus cantal agus tuirse ag dul leis an bpian sin!

Tháinig maidin Dé Domhnaigh, agus le meascán de Neurofen Gel, taibléidí Neurofen agus Deep Freeze Spray, bhí faoiseamh éigin agam ón gcois.  Isteach go Bóthar na Trá, áit ar casadh Setanta, Pádraic, James agus Ger orm ón gclub.  Bhí an mhaidin gránna, agus ba fada liom go dtosódh an rás.  Nuair a thosaigh, áfach, ní raibh muid ach 150 méadar isteach sa snámh nuair a bhí uaim eirí as.  D’aithrigh mé lag, m’annáil easnamhach, tuirseach... ní raibh uaim ach go dtarraingeodh ceann de na kayaks as an uisce mé.  Thóg sé tamall orm eirí as an trua dom féin agus choinnigh orm, buíoch nuair a chonaic mé an cladach ag déanamh orm.  Bhí íontas orm an cúigear ón gclub a fheiceál ag eirí amach as an uisce ag an am céanna liom féin, cheap mé go ndeachaigh rudaí i bhfad níos measa ná sin dom.

Am Snámh: 15:43 (55 as 183, 30%)

Ag teacht amach as an uisce

Amach ar an rothar leis an ghaoth le mo dhroim agus níl aon cheist faoi ach go bhfuil an rothaíocht ag feabhsú.  Chuaigh roinnt tharam, ach chuaigh mé thar go leor!  Bhí sé deacair go maith a bheith rothaíocht isteach sa ngaoth tar éis an casadh sna Forbacha, agus bhí mé buíoch filleadh ar Bhóthar na Trá.

Am Rothaíochta: 37:29 (26 as 183, 14.2%)

Ar ais go Bóthar na Trá sa mbáisteach

Faoin am seo, bhí mé chomh fuar agus fliuch go raibh sé deacair na bróga rith a tharraingt orm féin (a léiriú féin gur thóg sé 8 seicind níos mó orm teacht amach as T2 i gcomparáid le T1, a bhíonn mall go hiondúil idir cultacha uisce a bhaint díot agus clogaid a chuir ort).  D’aithrigh mo chosa an-aisteach freisin, ar nós go raibh rud éigin greamaithe de mo chuid bonnacha.  In aghaidh na gaoithe arís don rith, thimpeall ar an swamp, agus coimhlint mhaith le duine éigin ó Ennis Tri Club.  Bhí an chéad leath den rith mall, ach bhí an dara leath thar cionn, mé fein agus mo chéile comhraic ar mo ghualainn, an bheirt againn ag rith go láidir agus an ghaoth lenár gcúl.  Agus ciliméadar le dul, chuir mé isteach iarracht mhór amháin eile agus d’fhág mé mo bháirneach as Inis i mo dhiaidh! 

Am Rith: 20:08 (12/183, 6.6%)

Críochnaithe!

Sa mbaile i 1:15:34, an 13ú háit as 183, sa gcéad 7.1% d’iomaitheoirí.  Níos réalaíoch ná an 4ú háit i gCluain Cearbán i bhfianaise na daoine eile a bhí ag glacadh páirt, ach fós féin, tá mé thar a bheith sásta.  Tuigim go bhfuil an rith lag fós agam, ach tá an rothaíocht ag feabhsú agus an rith go maith, in aineoinn an t-easpa traenáil rith atá ar bun agam.  

2 comments:

  1. Fair plé a Rónáin, tá na hamannta agus an placing thar cionn uilig.

    Cibé cé tá tógáil na 'action shots' don blog freisin b'fhiú ardú pá a thabhairt dhóibh

    ReplyDelete
  2. Sé an rud is spectacular ar fad ná gurb é féin atá ag tógáil na pictiúir. I know, deacair é chreidiúint. Thriáil mé féin a dhéanamh ach thit mé sula ndeachaigh an click ar an gceamara.

    ReplyDelete