8.31.2011

Trasna an Chuain!

Tá roinnt spriocanna a bhí uaim a bhaint amach i mbliana, agus go dtí Dé Domhnaigh seo caite, ní raibh ceann ar bith acu déanta agam.
1. Ironman 70.3 na Gaillimhe a dhéanamh (beidh a fhios agam Dé Domhnaigh seo chugainn an mbeidh sé sin déanta!)
2. Leath-mharatón a rith faoi 1:30:00 (níl aon mhacnamh ceart deanta agam faoi seo fós!)
3. Snámh trasna Cuan an Fhir Mhóir

Tá kayak ceannaithe ag mo dheartháir céile, agus nuair a chonaic mé go raibh, d'fhiafraigh mé air comhluadar a choinneál liom agus mé ag iarraidh snámh ó Thrá an Dóilín, trasna go dtí an Trá Bháin agus ar ais.

Ag breathnú trasna Cuan an Fhir Mhóir ó Thrá an Dóilín 

Ní cuan an-leathan atá i gceist, ach tá sruth láidir ann, agus nuair a bhí muid tuairim agus trí-ceathrú bealach trasna, bhí mé dhá fháil an-deacair aon dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh an tsruth, a bhí mo chaitheamh suas an cuan.  Faoi dheireadh, bhain muid an taobh thall amach, agus shnámh mé aníos ón sean-teampall go dtí go raibh mé ar aghaidh an Dóilín arís.  Theas mé ar an trá ansin ar feadh nóiméad nua dhó, agus thug m'aghaidh trasna arís.

Ní raibh sé i bhfad sula raibh greim ag an sruth arís orm, agus d'aithrigh sé gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, seachas díreach ar aghaidh.  Mar a thárlaíonn sé, 'spáineann an t-íomha GPS ón snámh gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, go deimhin!:

Faoi dheireadh, is faoi chéibh an Dóilín a chríochnaigh mé, agus b'éigin dom siúl as sin go Trá an Dóilín (ní raibh mé chun tuilleadh fuinnimh a chur amú ag snámh in aghaidh an tsruth go Trá an Dóilín!).  Choinnigh Peadar leis chuig an trá leis an kayak, agus bhuail muid le chéile ansin arís.
Ina iomláine, 'spáin an GPS gur 2.36km a shnámh mé.  Cheapfainn nach bhféadfadh níos mó ná 1.6km de shnámh a bheith ann dá gcoinneofá líne díreach trasna agus ar ais, ach ní féidir líne díreach a choinneál sa sruth sin!

Maidir leis an traenáil, is gearr eile go mbeidh an lá mór liom, agus tá mé ag eirí beagán tuirseach ag an traenáil agus den traenáil.  Is fada liom go mbeidh mé i mo shuí os comhair teilifís ag breathnú ar an All-Ireland i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo chugainn!

8.15.2011

Traochta ag Traenáil!

B'é sin cinnte an deireadh seachtain ba mhó traenála atá déanta ariamh agam, agus tá mé buíoch go bhfuil sé thart!

Thosaigh sé ar an Satharn le 110.5km de rothaíocht i 3:50:59:

Maidin Dé Domhnaigh, rinne mé an seisiún snámh is faide a rinne mé go dtí seo, 3.34km i 1:12:00, trí huaire thimpeall ar Loch Chaladh Thadhg:
Agus ag críochnú oíche Dé Domhnaigh le 24.14km de rith i 1:57:32, siar go Leitir Móir agus aniar: 














Tá mé traochta ina dhiaidh sin.  Cén chaoi a ndéanann lucht an Ironman iomlán a gcuid traenála ar chorr ar bith?!

8.13.2011

Ag rothaíocht ar chúrsa an Ironman 70.3

Thug mé féin agus Setanta, mo leath-bhádóir ón gclub, aghaidh ar chúrsa rothaíochta Ironman 70.3 na Gaillimhe, ag tosnú amach ón Spidéal seachas ón tús ceart i mBóthar na Trá.
Is fada an bealach go dtí an Teach Dóite é in aghaidh na gaoithe, ar dhroch-bhóthar.  Bhí muid buíoch aghaidh a thabhairt soir arís!  Ní mórán luas atá sa mbóthar garbh, agus ní hé an bóthar is spéisiúla ó thaobh radharcanna de, cé go bhfuil an droichead deas seo ón scannán The Quiet Man in aice leis an bpoinnte leath-bealaigh, soir ón dTeach Dóite.


110.5km a rinne muid i 3:50:59.  Níor mhaith liom leath-mharatón a rith ina dhiaidh!

8.08.2011

Tríatlan Oilimpeach Brian Ború


Bhí drogall orm roimh an rás seo.  B’é seo an chéad uair agam tabhairt faoi fad Oilimpeach agus bhí an 1.5km snámh ag déanamh imní dom roimh ré.

D’fhan mé féin agus Máirín i Luimneach don oíche roimh ré, Mamó ag tabhairt aire do na leaids óga.  Tháinig muid chomh fada le Cill Dálua don rás an mhaidin dár gcionn, an lá go hálainn (go dtí gur oscail an spéir chúig nóiméad sular thosaigh an rás!).  Ní bhuaileadh tada an buntáiste áitiúil, agus bhí sin againn i bhfoirm James ón gclub, a bhfuil teach a mhuintire cúpla céad slat ón áit go dtosaíonn tríatlan Brian Ború.

Ag fanacht leis an snámh ag an tús (sular thosaigh an bháisteach!)

Ba ghearr go raibh sé in am tabhairt faoin snámh, agus bhí iontas orm faoi chomh deas agus a bhí an t-uisce, ó thaobh teocht de.  Ní raibh aon phlean agam ach é a thógáil go breá réidh don snámh agus sin a rinne mé.  Fuair mé cúpla cic sa straois, cúpla dorna sa ngualainn agus shnámh duine éigin trasna mo dhroim, ach bhí mé níos compordaí san uisce ná mar a bhí uaireannta eile.  Ag an mbuoí ag 800 méadar, d’imigh mé ar strae, áfach, agus d’imigh de bheagán den chúrsa.  Thóg sé i bhfad, feictear dom, ar an gcladach teacht níos gaire dom, ach bhain mé amach deireadh an tsnámh faoi dheireadh, in aon phíosa amháin.
Bhí mé cineál díomách leis an am, agus thar a bheith díomách le mo áit sa bpaca!
Am: 33:40, 79ú áit as 110 (71.8%)

Rinne mé cineál praiseach do T1.  Ag rith ar fhéar fliuch, d’imigh na cosa fúm, d’imigh an rothar uaim, d’imigh an bhróg den trothán clé, agus d’imigh an buidéal uisce síos an garraí.  Droch-thús!
Am: 2:00, 12/110 (10.9%) 

Cnoc géar a bhí sa gcéad cúig chiliméadar den rothar, agus cé go raibh an croí an-ard, bhí mé ag aireachtáil réasúnta compordach agus mé ag dul amach thar cuid mhaith daoine.  Thug mé liom an fána ar an taobh eile den chnoc le luas, ach leis an mbóthar chomh fliuch, beag nár imigh mé den bhóthar ar cheann de na coirnéil!
Dhá thuras ar an gcúrsa céanna a bhí ann, agus bhí an cnoc níos faide fós, feictear dom, an dara uair!  D’aithrigh mé níos láidre ná mar a d’aithrigh i rásaí níos gaire níos luaithe i mbliana.
Am: 40.95km i 1:21:31 (30.14kph) 10/110 (9.09%)

Ag teacht isteach go T2 leis an rothar

T2
Bhí na bróga rith a bhí ag fanacht romham i T2 báite, agus fuair mé crampa sa gcalapa clé ag iarraidh iad a tharraingt orm.  Níor fhan an crampa i bhfad, ámeán!
Am: 1:46 11/110 (10%)

Ag críochnú an rith
Rith
Ag teacht amach as T2, chonaic mé Máirín agus deir sí liom go raibh mé sa 25ú háit.  Dhírigh mé ar áit a bhaint amach sa gcéad fiche!  Ní raibh mé i bhfad ag dul thar beirt, ach thóg sé i bhfad teacht ar aon duine eile.  D’fhág “stitch” go raibh an chéad cheithre ciliméadar mí-chompórdach, ach bhí an dara leath den rith níos fearr.  An 10k is tapúla atá rite agam fós, agus ar chúrsa cnocach!
Am: 39:27 10/110 (9.09%)

Iomlán: 2:39:25 14/110 (12.72%)
2ú háit, Aois Ghrúpa 35-39

 Mé féin agus James ag an gcríoch

Chomh díomách agus a bhí mé leis an snámh, bhí mé thar a bheith sásta leis an gcuid eile den rás.  An dara háit i mo aois ghrúpa, agus sa 14ú háit ina iomláine. 
Níl ann anois ach díriú ar an Ironman 70.3 i gceann ceithre seachtainí!


8.03.2011

Fuair mé clogad nua an lá cheana, Rudy Project Wingspan.  Is cosúil go mbeidh mé níos tapúla le clogad a chuirfidh cuma an leibide orm!  Tá sé an-deacair é a chuir ort i gcomparáid le gnáth-chlogad, téann sé go deas ar chloigeann Mharcais!
 Marcas le clogad nua Dheaide!

B'é an tseachtain seo caite an tseachtain ba mhó traenála riamh agam, ní ó thaobh an líon rith déanta, ach ó thaobh chuile rud le chéile.  I ndáríre, is beag an t-iomlán é i gcomparáid le daoine eile ach is dul chun cinn domsa é!
Iomlán don tSeachtain Seo Caite:
Snámh: 7820 méadar
Rothaíocht: 233.69 ciliméadar
Rith: 24.2 ciliméadar