4.12.2011

Tá frustrachas go leor ag baint le mo chuid traenála na laethanta seo.  Ní túisce ag tosnú mé go dtagann rud éigin salach ar an obair arís.  Dé hAoine seo caite, bhí an chéad seisiún dúbailte agam le fada.  Ní raibh sé beartaithe agam gur mar sin a bheadh, ach phioc mé suas rothar nua an trathnóna sin, agus chaithfinn, ar ndóigh, "spin" a bhaint aiste sula mbeadh an lá caite.

Ar maidin, thug mé faoi rith síos go Trá an Dóilín, thimpeall céibh an Dóilín, timpeall ar Chuileán agus ar ais ag an teach.  Bhí an mhaidin go haoibhinn, ceo ar na cnoic agus é ina chalam dearg.

An radharc ón teach maidin Dé hAoine

Déanta: 5:45 míle i 42:49 / 7:51 per míle

An trathnóna céanna, chuaigh mé féin agus colceathrar liom amach ar an rothar thimpeall ar Mhuiceanach.  Bhí an-iontas orm faoin difríocht a bhí sa rothar nua i gcomparáid leis an rothar eile atá agam.  Felt B16 atá faighte agam, rothar am-trialach, agus cinnte, is féidir an luas a hardú go mór uirthe!

Déanta: 16.27km 


Ar an Satharn, bhuail lagar de chineál mé ag mé ag gearradh féir, níl a fhios agam sa diabhal céard a bhí ann ach tá mé ag dul ag an dochtúir amárach.  D'fhág sin nach ndearna mé aon traenáil ar an Domhnach, ach thug mé an bheirt leaids óga amach go dtí an Teach Dóite chun tacaíocht a thabhairt do lucht an Connemarathon.  Bhí roinnt baill ón gclub ag rásaíocht agus bhí sé iontach iad a fheiceáil.  D'eirigh thar cionn le chuile dhuine acu.  Bhain mé an-sásamh as an lá, bhí iontas orm an méid daoine ar aithne mé a fheiceál i mbun iomaíochta.

Ar ais ag an physio arís inné, níl an gortú hip flexor ina cheart go fóill.  Tá mo chuid traenála don Ironman 70.3 ag tosnú seachtain ó inniu, agus tá mo chuid traenála titíthe as a chéile ina iomláine...

4 comments:

  1. Jaysus táim théis breathnú siar ar na h-amanna a bhí agat do na sean-mharatóin...tá sé barúil nuair a chuireann tú le chéile mar sin iad!

    ReplyDelete
  2. Tá a fhios agam! An difríocht a dhéanann beagán fócas traenála (agus an EPO ar ndóigh!)

    ReplyDelete
  3. Seisiun dubailte? Faoi dho sa lo?

    Meas tu ar gealt thu?!!

    Wiggan

    ReplyDelete
  4. Saol eile ar fad í an chraic seo le tríatlan. Leis an rith, dhéanfainn trí lá in aghaidh na seachtaine. Ní dhéanfaidh sé sin mórán do mo chuid snámh áfach...

    ReplyDelete