4.23.2011

Tá an traenáil faoi lán-seoil na laethanta seo, ach d'aithrigh mé chomh tuirseach tar éis rith éadrom a dhéanamh ar an Déardaoin. Is go dona a bhí na cosa ag fanacht fúm.

Déanta: 8.37km i 40.06 (4.47 nóiméad per km)

An trathnóna céanna, chuaigh mé ag snámh don chéad uair riamh sa loch is gaire den teach, Loch Chaladh Thadhg.
Ag teacht isteach as Loch Chaladh Thadhg

Chaith mé go leor de m'óige ag curachadóireacht ar an loch chéanna, ach b'é seo chéad uair agam ag snámh innte. Fuar, dorcha, is go dona a bhí mo lámh le feiceál romham! Níor aithrigh rudaí baileach chomh fuar tar éis tamall, agus bhí dhá eala agam mar chomhluadar, ag fanacht idir mé agus a nead a bhí ar an taobh thiar den loch.

Déanta: 850 méadar i 18:57

Inné, fuair mé seisiún snáthaidpholladh (acupuncture!) déanta agus bhí mo chuid leibhéalacha fuinnimh i bhfad níos airde ina dhiaidh. Seisiún amháin traenála a bhí inné, turas rothair thimpeall ar Ros a'Mhíl. Crua leis an ngaoth i m'éadan, ach fiúntach (tá súil agam...).

Déanta: 27.22km i 55:10 (29.6kph)

2 comments:

  1. B'shin é Nessie ag teacht amach as an uisce.

    ReplyDelete
  2. Ronnach Mac Con Iomaire a thabharfar ort feasta (corny I know, but no more so than a tabloid headline)

    ReplyDelete