4.20.2011

Tro Bro Leon

Ar ais in Éirinn arís tar éis deireadh seachtaine sa mBriotáin, agus mar a bhí sa bhFrainc, tá an ghrian amuigh inniu ar an gCeathrú Rua.
Chaith mé féin agus Pádraic ón gclub TríSpórt cúpla lá ag obair ag obair ag Tro Bro León, rás gairmiúil rothaíochta ó thuaidh de Brest, “Paris Roubaix” na Briotáine mar a thugann siad féin air!
Bhí an-lá againn ar an Satharn mar go ndearna muid 60km de chúrsa an rás i gcomhluadar Mikel Hinault, mac le laoch mór na Briotáine, Bernard. Amuigh linn ar na sportif freisin bhí Jean René Bernaudeau, bainisteoir foireann rothaíochta Europcar agus fear a raibh geansaí buí an Tour de France ar a dhroim le linn an rás úd i 1979. Tháinig muid suas lena thaobh agus muid ar an gcúrsa, ach bhí sé cineálta a rá nach fear an-suáilceach é Jean René!

Ag fulaingt ar na cnocáin!

B’é seo an chéad uair agam ag glacadh páirt in imeacht ar nós sin, agus cé gur craitheadh an t-anam go maith asam ar na bóithre garbh, bhain mé fíor-sult as (cé gur mé atá buíoch gurb é an leagan 60km a rinne muid, seachas an leagan 120km!).
An cúrsa críochnaithe agam féin agus Pádraic

An lá dár gcionn, d’fhill muid ar bhaile Lannillis don rás féin. Bhí foirne móra gairmiúla na Fraince ar fad ann (Europcar, AG2R, Vacansoleil, Les Francais des Jeaux), chomh maith le clubann eachtrannacha. An rud a chuaigh i bhfeidhm orm chomh deas agus a bhí chuile dhuine, is cuma más duine den lucht eagraithe a bhí i gceist, nó rothaithe móra le rá ar nós Roman Feillu agus Sebastian Hinault.
Chaith mé an lá i gcarranna foirne fhoireann Bretagne Schuller, chun cinn ar an rás leis an directeur sportif, ag tarraingt isteach ar thaobh an bhóthair chun freastal ar na rothaithe agus iad ag teacht amach as bóithre garbh ar an gcúrsa. Don dara leath den rás, bhí mé i gcarr an leas-directuer sportif, a bhí ag taisteal le taobh an peleton féin. A leithid de radharc. Rothaíthe ag titim, boinn pollta, carranna ag dul amach thar a chéile agus amach thar rothaithe ag luas aisteach!

Tro Bro León 2011

Bhí droch-lá ag Bretagne Schuller, bhí a gcuid rothaithe sách íseal thíos sa bpaca, agus is é Vincent Jerome ó Europcar a thug an lá leis sa deireadh.
Maidir le rothaíocht mar shlí gairme, níl a fhios agam cé a dhéanfadh é tar éis an Tro Bro Leon a fheiceál! Dá gcuirfeá iachall ar chapaill an rud a rinne na leaids sin a dhéanamh ar an Domhnach, chuirfí cosc ar an imeacht de bharr chomh cruálach agus a bhí sé... 260km agus cúig uair a chloig d’ifreann (ach an-taitneamhach don lucht féachana!)

Déanta:
Rothaíocht: 37.32 míle i 2:08

1 comment: