4.04.2011

Tús Nua...

Sé An Bóthar Iarainn mo chéad iarracht ar bhlag, cé go bhfuil mé ag coinneál dialann traenála le hos cionn bliana anois ar boards.ie.  Cé go bhfuil sé i gceist agam leanacht leis sin, tá súil agam go dtabharfaidh an blag deis imeacht ón gcur síos eolaíoch a bhaineann le traenáil, agus níos mó deis cur síos ar an spraoi agus ar na dushláin a bhaineann le traenáil do Ironman 70.3, agus gan dearmad a dhéanamh ag an am céanna ar mo bhean, mo chuid ghasúir, mo chuid oibre agus na caithimh aimsire eile a théann i ndearmad nuair a bhíonn duine ag iarraidh coinneál leis an snámh, rith agus rothaíocht!


Cuirfidh an blag síos freisin ar TríSpórt, club tríatlan a bunaíodh i nGaeltacht Chonamara ag tús 2011, agus atá mar chuid lárnach de dhúshlán an leath-Ironman.  Céard é an Ironman 70.3 mar sin?  Snámh 1.9k i gCuan na Gaillimhe amach ó Bhóthar na Trá, 90k ar an rothar siar go dtí an Teach Dóite i gcroí-lár Chonamara agus 21.1k de rith thimpeall ar chathair na Gaillimhe.  Seachas leagan gearr de thríatlan a rinne mé anuraidh, is é seo an chéad uair agam tabhairt faoina léithid seo, agus cinnte, an chéad uair tabhairt faoi thraenáil ar an scála seo.
An 1.9k snámh san Ironman 70.3, an dúshlán is mó dom!

Droch-thús atá leis an aistir ar an mBóthar Iarainn, áfach, agus seachtain caite ar an leaba agam le scórnach tinn, agus beagnach trí seachtainí caite agam ar bheagán traenáil de bharr gortú a bhaineann le matáin sa gcorróig.  Thug mé cuairt ar an gcírichleachtóir inniu, agus níl a fhios ag ceachtar againn cén uair a bheidh mé i mo cheart arís.  Go luath, tá súil agam!  Is féidir liom rith go mall leis an ngortú, ach ní féidir liom tabhairt faoi snámh ná faoi rothaíocht.  Tá mé ag dul as mo mheabhair faoi láthair dá bharr seo, agus tá chuile dhuine thimpeall orm dhá gcur as a meabhair freisin dá bharr!

Déanfaidh mé cur síos sa gcéad phostáil eile ar mo stair ghairid aclaíochta, agus ar céard atá amach romham i 2011.

5 comments:

  1. Ar fheabhas ar fad! Níl anseo ach an chéad phíosa agat agus cheana féin tá do bhlag níos tarraingtí ná mo cheannsa!

    ReplyDelete
  2. Feictear dom go bhfuil tu ag deanamh achar nios faide anois mar nach raibh tu in ann mo 'blistering 6 min mile pace' a thogail...I know a White flag when I see one!

    An-bhlag!

    ReplyDelete
  3. Bren: Beidh i bhfad le dul agam sula mbeidh mé ag coinneál le "blog-publishing mogul" ar nós tú féin!

    Tuairim: Tá mé "figured out" cheana féin agat! Sin 6 min mile thar 26 míle an ea?

    tongchen@seattle: Thank you for your kind comment. I am indeed living in Ireland. Cheers!

    ReplyDelete
  4. No.
    26 min mile thar 6 mhile...u pesky kid..

    ReplyDelete
  5. Céard é an chéad Band of Brothers rás eile? Cloisim gur tú an pacer atá ag Bren agus Kevin...

    ReplyDelete