5.12.2011

Tá mé anois i lár seachtain a ceathair de mo chlár 20 seachtain, agus ní chreidim go bhfuil ceithre seachtainí beagnach caite cheana féin! Seachtain “scíth” í seo, agus cé go bhfuil roinnt seisiúin caillte agam le roinnt seachtainí, níl mé chun dul ag argóint leis an gclár traenála! Seachtain scíth, mar sin!

Dé Máirt, is seisiún ar an rothar a bhí i gceist, meascán de bhabhtaí gearra crua agus gnáth-rothaíocht. Is pian sa toinn ceart an ghaoth láidir atá againn na laethanta seo, go háirithe agus tú tuirseach agus tú ag dul in aghaidh na gaoth ar an mbealach abhaile. Thimpeall Ros a Mhíl a chuaigh mé, agus bhí an cleachtadh ar an rothar nua le linn stoirm ghaoth ag teastáil!

Thosaigh an lá inné le “intervals”. Tá an ghráin agam ar “intervals” agus is iomaí seisiún rith atá caillte agam de bharr an drogall tabhairt faoin obair chrua, go háirithe an chéad rud ar maidin! Níor chuidigh an bháisteach maidin inné, ach mar a thárlaíonn sé, ní raibh an seisiún chomh dona agus a cheap mé a bheadh. 10 x 400m a bhí i gceist, le 90 soicind scíth idir na “intervals”. Bhí an pháirc ró-fhliuch tar éis an bháisteach uilig, agus is thíos ar bhóthar Thrá an Dóilín a thug mé futhú.

Ag teacht abhaile ó Chaisleán an Bharraigh sa trathnóna, stop mé ag an linn snámha. Aithrím fós an snámh a bheith thar a bheith deacair, agus titeann céibí cén beagán teicníc atá agam as a chéile nuair a gheobhaim tuirseach (agus ní bhíonn mé i bhfad ag snámh sula mbíonn mé tuirseach!)

Déanta: 300m, 8 x 25m teicníc, 5 x 100m, 300m

Iomlán: 1300m

Isteach sa linn snámha arís inniu

Déanta: 300m, 8 x 25m teicníc, 8 x 100m, 300m

An chéad seisiún rith againn mar chlub trathnóna inniu, agus mé ag súil go mór leis!

2 comments:

  1. Fair ple a Ronain, ta an traenail savage!
    Ta se deacair an drogall sin a shárú ceart go leor...ach is léir go bhfuil tu ag deana rud eicínt ceart!!

    ReplyDelete
  2. Cheers, C... cén chaoi a bhfuil do chuid traenáil féin ag dul na laethanta seo? Shílfeá, ón méid a chonaic mé ar an Spidéal ar an deireadh seachtaine, go bhfuil Kevin anois é féin ag caitheamh síos gauntlets!

    ReplyDelete