9.19.2011

Ironman 70.3, Gaillimh

Tá sé thart (le tamall fada anois!), agus tá na cosa tagtha acu féin.  Lá gruama, garbh, fliuch, fuar a bhí i Ironman 70.3 na Gaillimhe, agus chuaigh an croí trasna ionam nuair a chonaic mé chomh togtha agus a bhí an fharraige ag a sé a chlog ar maidin.
D’fhan mé i nGaillimh an oíche roimh ré, agus bhuail cúigear againn ón gclub lena chéile thíos i mBóthar na Trá roimh tús an rás.

An Snámh: 22:58 (574ú áit, 40%)Agus mé ag déanamh an tseiceáil dheireannach ar an rothar, fógraíodh go mbeadh an snámh ciorruithe de bharr na drochaimsire.  Ní raibh mé buíoch riamh a leithid de nuacht a chloisteáil.  1000 méadar anois a bheadh ann, seachas an 1900 méadar, agus níor thóg sé i bhfad tuiscint cén fáth.  Bhí an t-uisce an-chorraitheach, agus le go leor ciceáil agus dornaí  san uisce, bhí an chéad 250 méadar thar a bheith garbh.
D’eirigh rudaí beagán níos éasca tar éis an chéad phucán, agus bhí mé buíoch gainimh gheall Bhóthar na Trá a fheiceál arís agus muid ag teacht i dtír.
Ag teacht amach as an uisce

T1: 7:16 (492ú, 34.3%)Bhí an “transition” chomh fada gur beagnach gur imeacht ann féin a bhí ann.  Tuairim agus ciliméadar a bhí ón trá go dtí go raibh tú in ann dul suas ar do rothar.  Leathbealaigh síos an “transition”, bhí campa ina raibh mála le do chuid éadaigh rothaíochta, agus ina bhfágfadh tú do chulaithe uisce.  Nach maith tráthúil go raibh mo mhálasa ar iarraidh nuair a tháinig mé chomh fada leis!  Tháinig maor air tar éis tamall, ach bhí ceann de na arm-warmers tógtha amach ag duine éigin.  D’fhágfadh seo go mbeadh aistir fhuar ar an rothar agam, cé nár thuig mé ag an am é.

An Rothar: 2:50:09 (370ú, 25.8%)Suas ar an rothar, amach siar tríd Bóthar na Trá.  Bhí slua deas cruinnithe thimpeall ar an trá, agus d’aithnigh mé corr ghlór ar an mbealach siar dom.  Bé an t-ard suas thar galf chúrsa Bhearna an t-aon ard ceart a bhí ar an gcúrsa, agus bhí sé go deas Pat, Marie agus Rónán ón gclub a fheiceáil ansin, agus iad ag tabhairt tacaíochta!  Ní raibh an chéad leath den rothaíocht an-eachtrúil, slua deas i Maigh Cuilinn, gan deoraí in Uachtar Ard ach ag an droichead, agus casadh géar amuigh gar den Teach Dóite sula dtabharfadh muid ár naghaidh soir arís.
Ag fágál Bóthar na Trá ar an Rothar

Bhí rudaí níos deacra ar an bpointe boise.  Bhí muid anois ag rothaíocht isteach sa ngaoth, agus gaoth láidir leis sin.  Faoin am go ndeachaigh mé thríd Uachtar Ard den dara huair, bhí mé ag craith leis an bhfuacht.  Báisteach agus gaoth, agus gan orm ach an tri-suit éadrom.  Faoin am gur tháinig mé go Maigh Cuilinn, ní raibh a fhios agam an mbeinn in ann tabhairt faoi leath-mharatón ag a dheireadh seo.  Faoin am gur tháinig mé go himeall na cathrach, ba fada liom go dtosóinn ag rith le go dtéadh mo chulainn.

T2: 4:37 (164ú, 11.4%)Transition fada arís isteach go T2, na cosa beagán tinn ag rith cosnochta fada ar bhóthar chrua.  Beagán moille anseo arís agus maor ar thóir mo mhála ach go ghearr go raibh mé ag rith.

An Rith: 1:35:29 (60ú, 4.2%)Thaitin an rith liom.  Trí thimpeall de chúrsa a thug suas faoin bPóirse Caoch muid, anuas an Balla Fada, suas céibh Nimmo agus amach thimpeall ar imeall an Swamp.  D’fheabhsaigh an aimsir, bhí go leor daoine eile le feiceáil ag rith, bhí an lucht tacaíochta thar cionn (mo mháthair agus athair san áireamh!) agus d’aithrigh mé go maith.  Thosaigh mé ag tuirsiú de bheagán ar an tríú thimpeall, ach ní raibh ann faon tráth sin ach coinneáil orm go dtí an líne.
Gar don líne, chonaic mé Máirín agus Marcas, agus chuir sin beagán luas sna cosa ag an deireadh!

Ag críochnú go hildaite!

 Rás crua ach deas, an chéad uair tríatlan chomh fada sin déanta agam, fiú muna raibh an snámh uilig i gceist.  Is fada liom clárú don bhliain seo chugainn!
Iomlán:
5:00:27
155ú (10.8%)
33ú áit, catagóir 35-39 (9.7%)
148ú fear (12.1%)

2 comments:

  1. An-thuairisc go deo! pictiúirí iontach...

    ReplyDelete
  2. Is deabhaltaí an rud é sin faoi thríatlan, seachas ritheacht. Bíonn teacht ar go leor pictiúir den rás i gcónaí, pictiúir d'ard-chaighdeán, agus teacht saor in aisce orthú!

    ReplyDelete