8.13.2011

Ag rothaíocht ar chúrsa an Ironman 70.3

Thug mé féin agus Setanta, mo leath-bhádóir ón gclub, aghaidh ar chúrsa rothaíochta Ironman 70.3 na Gaillimhe, ag tosnú amach ón Spidéal seachas ón tús ceart i mBóthar na Trá.
Is fada an bealach go dtí an Teach Dóite é in aghaidh na gaoithe, ar dhroch-bhóthar.  Bhí muid buíoch aghaidh a thabhairt soir arís!  Ní mórán luas atá sa mbóthar garbh, agus ní hé an bóthar is spéisiúla ó thaobh radharcanna de, cé go bhfuil an droichead deas seo ón scannán The Quiet Man in aice leis an bpoinnte leath-bealaigh, soir ón dTeach Dóite.


110.5km a rinne muid i 3:50:59.  Níor mhaith liom leath-mharatón a rith ina dhiaidh!

2 comments:

  1. Fair plé... jaysus, sin beagnach an chéad leg den aistir atá á bheartú agamsa, agus mise ag déanamh caoineachán faoi!

    ReplyDelete
  2. Níl ormsa eirí ar mo rothar trí lá as a chéile chun é a dhéanamh... Ouch!

    ReplyDelete