Showing posts with label Triathlon. Show all posts
Showing posts with label Triathlon. Show all posts

6.08.2011

TriBurgh

Bhí drogall orm roimh an rás seo, insint na fírinne, de bharr mo mhí-chinnteacht faoin snámh, agus níos mó drogall fós nuair a chonaic mé na tonnta ag teacht i dtír ag an trá i gCluain Cearbán Mhaigh Eo. Thug mé fein agus Pádraic aghaidh ar an aistir as Conamara, agus bhí an ghrian ag scoilte na gcloch nuair a d’fhág muid an baile. Is beag íonadh an drogall a bhí orainn eirí as an gcarr nuair a tháinig muid chomh fada le Maigh Eo fuar fliuch!

Chuir muid na rothair le chéile agus in áit, agus thug aghaidh ar an trá go bhfeicfeadh muid cén chuma a bhí ar an bhfarraige. Yikes, tonnta móra ag teacht isteach ar ghaoth anoir aduaidh....Isteach sna cultacha uisce agus anuas ar an trá, sheas mé as an mbealach ar an bpaca ar an taobh thuaidh, agus isteach go léim san uisce nuair a thosaigh an rás. Cloigeann isteach san uisce, an t-uisce beagán níos teo ná mar a bhí seachtain ó shin, ach maoim i ndiaidh maoim i ndiaidh maoim. Chuile uair a chroch mé mo chloigeann chun an pucán a fheiceal, bhuail maoim sa straois mé.

Mo cholceathrar, Darach, ag críochnú


Bhí mé ag cailleadh misní de réir mar a bhí an snámh ag dul ar aghaidh, agus é geallta agam faoin am gur tháinig muid go dtí an poinnte leath-bealaigh nach raibh mé chun aon phlé a bheith arís agam le tríatlain nuair a bheadh 2011 caite! Ach nuair a thug mé aghaidh ar an trá arís, ar a laghad bhí an tonnta mo bhrú i dtreo an chladaigh. Ní raibh an chuma ar rudaí go raibh an trá ag teacht mórán níos gaire, áfach, ach faoi dheireadh, d’eirigh mé amach as an uisce, agus íontas orm nach é an t-úfás sin daoine a bhí romham.

Am Snámh: 16:34 (22/90, 24.5%)

T1: 1:00

Amach as an gculaith uisce de léim agus suas ar an rothar, ní dheachaigh rud ar bith mí-cheart anseo.

Tuairim agus cúig chiliméadar isteach sa rothaíocht, chuaigh beirt tharam, mo cholceathrar Darach atá ina bhall den chlub agus fear as Predator Tri Club. D’fhan mé leo ar feadh an chéad leath den rothaíocht ach thosaigh siad ag imeacht uaim ansin de réir a chéile. Sin ráite, bhí mé sásta go maith leis an rothaíocht, agus iontas na n-íontas domsa, bhí mé ar an ceathrú rothaí is sciopaithe ar an lá.


Am Rothaíochta: 34:30 (4/90, 4.5%)

D’fhág mé na ballaireacha sna bróga ró-theann agus bhí sé deacair go maith agam iad a tharraingt orm, tar éis dom an rothar a fhágál uaim. Nuair a thosaigh mé an rith, bhí mé in ann Darach agus fear Predator a fheiceál tamall amach romham, agus leis an rith réasúnta láidir agam i gcomparáid leis an dá spórt eile, d’fheill sé dom gur thosaigh an cúrsa le cnoc agus thosaigh mé ag dúnamh an bearna. Chuaigh mé thar fear Predator tar éis 2km, agus thar Dharach ag 2.5km.

D’aithrigh mé an cliabhrach ag dúnamh suas ansin agus thosaigh mé dhá thógáil go réidh, ag árdú an luais arís gar don críoch.

Am Rith: 20:32 incl T2 (5/90, 5.5%)


Darach & mé féin i mbun ainilíse i ndiaidh an rás!

Am Iomlán: 1:12:36 (4/90, 4.5%)

Bhí iontas orm a chloisteáil ag an deireadh gur chríochnaigh mé sa ceathrú háit! Ní raibh súil ar bith agam críochnú chomh hard i bhfianaise mo chuid snámh, agus cé nach bhfuil aon aimhreas orm go mbeinn níos ísle sa bpaca dá mbeadh cuid de na luthchleasaithe maithe a bhí ag glacadh páirt sa rás Oilimpeach i mo rás sa, fós is breá an rud é a bheith chomh hard sa dara tríatlan agam riamh!

4.04.2011

Tús Nua...

Sé An Bóthar Iarainn mo chéad iarracht ar bhlag, cé go bhfuil mé ag coinneál dialann traenála le hos cionn bliana anois ar boards.ie.  Cé go bhfuil sé i gceist agam leanacht leis sin, tá súil agam go dtabharfaidh an blag deis imeacht ón gcur síos eolaíoch a bhaineann le traenáil, agus níos mó deis cur síos ar an spraoi agus ar na dushláin a bhaineann le traenáil do Ironman 70.3, agus gan dearmad a dhéanamh ag an am céanna ar mo bhean, mo chuid ghasúir, mo chuid oibre agus na caithimh aimsire eile a théann i ndearmad nuair a bhíonn duine ag iarraidh coinneál leis an snámh, rith agus rothaíocht!


Cuirfidh an blag síos freisin ar TríSpórt, club tríatlan a bunaíodh i nGaeltacht Chonamara ag tús 2011, agus atá mar chuid lárnach de dhúshlán an leath-Ironman.  Céard é an Ironman 70.3 mar sin?  Snámh 1.9k i gCuan na Gaillimhe amach ó Bhóthar na Trá, 90k ar an rothar siar go dtí an Teach Dóite i gcroí-lár Chonamara agus 21.1k de rith thimpeall ar chathair na Gaillimhe.  Seachas leagan gearr de thríatlan a rinne mé anuraidh, is é seo an chéad uair agam tabhairt faoina léithid seo, agus cinnte, an chéad uair tabhairt faoi thraenáil ar an scála seo.
An 1.9k snámh san Ironman 70.3, an dúshlán is mó dom!

Droch-thús atá leis an aistir ar an mBóthar Iarainn, áfach, agus seachtain caite ar an leaba agam le scórnach tinn, agus beagnach trí seachtainí caite agam ar bheagán traenáil de bharr gortú a bhaineann le matáin sa gcorróig.  Thug mé cuairt ar an gcírichleachtóir inniu, agus níl a fhios ag ceachtar againn cén uair a bheidh mé i mo cheart arís.  Go luath, tá súil agam!  Is féidir liom rith go mall leis an ngortú, ach ní féidir liom tabhairt faoi snámh ná faoi rothaíocht.  Tá mé ag dul as mo mheabhair faoi láthair dá bharr seo, agus tá chuile dhuine thimpeall orm dhá gcur as a meabhair freisin dá bharr!

Déanfaidh mé cur síos sa gcéad phostáil eile ar mo stair ghairid aclaíochta, agus ar céard atá amach romham i 2011.