8.31.2011

Trasna an Chuain!

Tá roinnt spriocanna a bhí uaim a bhaint amach i mbliana, agus go dtí Dé Domhnaigh seo caite, ní raibh ceann ar bith acu déanta agam.
1. Ironman 70.3 na Gaillimhe a dhéanamh (beidh a fhios agam Dé Domhnaigh seo chugainn an mbeidh sé sin déanta!)
2. Leath-mharatón a rith faoi 1:30:00 (níl aon mhacnamh ceart deanta agam faoi seo fós!)
3. Snámh trasna Cuan an Fhir Mhóir

Tá kayak ceannaithe ag mo dheartháir céile, agus nuair a chonaic mé go raibh, d'fhiafraigh mé air comhluadar a choinneál liom agus mé ag iarraidh snámh ó Thrá an Dóilín, trasna go dtí an Trá Bháin agus ar ais.

Ag breathnú trasna Cuan an Fhir Mhóir ó Thrá an Dóilín 

Ní cuan an-leathan atá i gceist, ach tá sruth láidir ann, agus nuair a bhí muid tuairim agus trí-ceathrú bealach trasna, bhí mé dhá fháil an-deacair aon dul chun cinn a dhéanamh in aghaidh an tsruth, a bhí mo chaitheamh suas an cuan.  Faoi dheireadh, bhain muid an taobh thall amach, agus shnámh mé aníos ón sean-teampall go dtí go raibh mé ar aghaidh an Dóilín arís.  Theas mé ar an trá ansin ar feadh nóiméad nua dhó, agus thug m'aghaidh trasna arís.

Ní raibh sé i bhfad sula raibh greim ag an sruth arís orm, agus d'aithrigh sé gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, seachas díreach ar aghaidh.  Mar a thárlaíonn sé, 'spáineann an t-íomha GPS ón snámh gur go leath-taobh a bhí mé ag dul, go deimhin!:

Faoi dheireadh, is faoi chéibh an Dóilín a chríochnaigh mé, agus b'éigin dom siúl as sin go Trá an Dóilín (ní raibh mé chun tuilleadh fuinnimh a chur amú ag snámh in aghaidh an tsruth go Trá an Dóilín!).  Choinnigh Peadar leis chuig an trá leis an kayak, agus bhuail muid le chéile ansin arís.
Ina iomláine, 'spáin an GPS gur 2.36km a shnámh mé.  Cheapfainn nach bhféadfadh níos mó ná 1.6km de shnámh a bheith ann dá gcoinneofá líne díreach trasna agus ar ais, ach ní féidir líne díreach a choinneál sa sruth sin!

Maidir leis an traenáil, is gearr eile go mbeidh an lá mór liom, agus tá mé ag eirí beagán tuirseach ag an traenáil agus den traenáil.  Is fada liom go mbeidh mé i mo shuí os comhair teilifís ag breathnú ar an All-Ireland i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo chugainn!

8.15.2011

Traochta ag Traenáil!

B'é sin cinnte an deireadh seachtain ba mhó traenála atá déanta ariamh agam, agus tá mé buíoch go bhfuil sé thart!

Thosaigh sé ar an Satharn le 110.5km de rothaíocht i 3:50:59:

Maidin Dé Domhnaigh, rinne mé an seisiún snámh is faide a rinne mé go dtí seo, 3.34km i 1:12:00, trí huaire thimpeall ar Loch Chaladh Thadhg:
Agus ag críochnú oíche Dé Domhnaigh le 24.14km de rith i 1:57:32, siar go Leitir Móir agus aniar: 














Tá mé traochta ina dhiaidh sin.  Cén chaoi a ndéanann lucht an Ironman iomlán a gcuid traenála ar chorr ar bith?!

8.13.2011

Ag rothaíocht ar chúrsa an Ironman 70.3

Thug mé féin agus Setanta, mo leath-bhádóir ón gclub, aghaidh ar chúrsa rothaíochta Ironman 70.3 na Gaillimhe, ag tosnú amach ón Spidéal seachas ón tús ceart i mBóthar na Trá.
Is fada an bealach go dtí an Teach Dóite é in aghaidh na gaoithe, ar dhroch-bhóthar.  Bhí muid buíoch aghaidh a thabhairt soir arís!  Ní mórán luas atá sa mbóthar garbh, agus ní hé an bóthar is spéisiúla ó thaobh radharcanna de, cé go bhfuil an droichead deas seo ón scannán The Quiet Man in aice leis an bpoinnte leath-bealaigh, soir ón dTeach Dóite.


110.5km a rinne muid i 3:50:59.  Níor mhaith liom leath-mharatón a rith ina dhiaidh!

8.08.2011

Tríatlan Oilimpeach Brian Ború


Bhí drogall orm roimh an rás seo.  B’é seo an chéad uair agam tabhairt faoi fad Oilimpeach agus bhí an 1.5km snámh ag déanamh imní dom roimh ré.

D’fhan mé féin agus Máirín i Luimneach don oíche roimh ré, Mamó ag tabhairt aire do na leaids óga.  Tháinig muid chomh fada le Cill Dálua don rás an mhaidin dár gcionn, an lá go hálainn (go dtí gur oscail an spéir chúig nóiméad sular thosaigh an rás!).  Ní bhuaileadh tada an buntáiste áitiúil, agus bhí sin againn i bhfoirm James ón gclub, a bhfuil teach a mhuintire cúpla céad slat ón áit go dtosaíonn tríatlan Brian Ború.

Ag fanacht leis an snámh ag an tús (sular thosaigh an bháisteach!)

Ba ghearr go raibh sé in am tabhairt faoin snámh, agus bhí iontas orm faoi chomh deas agus a bhí an t-uisce, ó thaobh teocht de.  Ní raibh aon phlean agam ach é a thógáil go breá réidh don snámh agus sin a rinne mé.  Fuair mé cúpla cic sa straois, cúpla dorna sa ngualainn agus shnámh duine éigin trasna mo dhroim, ach bhí mé níos compordaí san uisce ná mar a bhí uaireannta eile.  Ag an mbuoí ag 800 méadar, d’imigh mé ar strae, áfach, agus d’imigh de bheagán den chúrsa.  Thóg sé i bhfad, feictear dom, ar an gcladach teacht níos gaire dom, ach bhain mé amach deireadh an tsnámh faoi dheireadh, in aon phíosa amháin.
Bhí mé cineál díomách leis an am, agus thar a bheith díomách le mo áit sa bpaca!
Am: 33:40, 79ú áit as 110 (71.8%)

Rinne mé cineál praiseach do T1.  Ag rith ar fhéar fliuch, d’imigh na cosa fúm, d’imigh an rothar uaim, d’imigh an bhróg den trothán clé, agus d’imigh an buidéal uisce síos an garraí.  Droch-thús!
Am: 2:00, 12/110 (10.9%) 

Cnoc géar a bhí sa gcéad cúig chiliméadar den rothar, agus cé go raibh an croí an-ard, bhí mé ag aireachtáil réasúnta compordach agus mé ag dul amach thar cuid mhaith daoine.  Thug mé liom an fána ar an taobh eile den chnoc le luas, ach leis an mbóthar chomh fliuch, beag nár imigh mé den bhóthar ar cheann de na coirnéil!
Dhá thuras ar an gcúrsa céanna a bhí ann, agus bhí an cnoc níos faide fós, feictear dom, an dara uair!  D’aithrigh mé níos láidre ná mar a d’aithrigh i rásaí níos gaire níos luaithe i mbliana.
Am: 40.95km i 1:21:31 (30.14kph) 10/110 (9.09%)

Ag teacht isteach go T2 leis an rothar

T2
Bhí na bróga rith a bhí ag fanacht romham i T2 báite, agus fuair mé crampa sa gcalapa clé ag iarraidh iad a tharraingt orm.  Níor fhan an crampa i bhfad, ámeán!
Am: 1:46 11/110 (10%)

Ag críochnú an rith
Rith
Ag teacht amach as T2, chonaic mé Máirín agus deir sí liom go raibh mé sa 25ú háit.  Dhírigh mé ar áit a bhaint amach sa gcéad fiche!  Ní raibh mé i bhfad ag dul thar beirt, ach thóg sé i bhfad teacht ar aon duine eile.  D’fhág “stitch” go raibh an chéad cheithre ciliméadar mí-chompórdach, ach bhí an dara leath den rith níos fearr.  An 10k is tapúla atá rite agam fós, agus ar chúrsa cnocach!
Am: 39:27 10/110 (9.09%)

Iomlán: 2:39:25 14/110 (12.72%)
2ú háit, Aois Ghrúpa 35-39

 Mé féin agus James ag an gcríoch

Chomh díomách agus a bhí mé leis an snámh, bhí mé thar a bheith sásta leis an gcuid eile den rás.  An dara háit i mo aois ghrúpa, agus sa 14ú háit ina iomláine. 
Níl ann anois ach díriú ar an Ironman 70.3 i gceann ceithre seachtainí!


8.03.2011

Fuair mé clogad nua an lá cheana, Rudy Project Wingspan.  Is cosúil go mbeidh mé níos tapúla le clogad a chuirfidh cuma an leibide orm!  Tá sé an-deacair é a chuir ort i gcomparáid le gnáth-chlogad, téann sé go deas ar chloigeann Mharcais!
 Marcas le clogad nua Dheaide!

B'é an tseachtain seo caite an tseachtain ba mhó traenála riamh agam, ní ó thaobh an líon rith déanta, ach ó thaobh chuile rud le chéile.  I ndáríre, is beag an t-iomlán é i gcomparáid le daoine eile ach is dul chun cinn domsa é!
Iomlán don tSeachtain Seo Caite:
Snámh: 7820 méadar
Rothaíocht: 233.69 ciliméadar
Rith: 24.2 ciliméadar

7.28.2011

Smugairlí Rón!

Bhí mé ag snámh amach ón gcéibh nua ar an Spidéal aréir le baill TríSpórt.  Bhí an fharraige chomh ciúin, ach thíos faoi bharr uisce, bhí an áit beo le smugairlí rón.  Ní na cuid beaga neamh-urchóideacha ach an oiread, ach rudaí móra, smugairlí compais.  Níor thug mé faoi dearadh go raibh mé amuigh as an uisce go raibh gath curtha acu ionam tríd an culaith snámh!
Smugairle an Chompáis

Níos luaithe sa lá, rinne mé seisiún rith ar Pháirc an Chathanaigh, an chéad uair a rith mé ar pháirc ó tháinig mé ón gCróáit.  Bhí an féar chomh glas agus chomh bog i gcomparáid le páirc chrua, donn Cibaca!

7.27.2011

An Chróáit

Tá sé i bhfad ró-fhada ó thug mé an blag seo suas go dáta, go príomha mar go raibh mé ar saoire trí seachtainí sa gCróáit agus i Montenegro.  Tá mé sa mbaile anois le tuairim agus coicís, ach aithríonn sé ar nós go bhfuil sé i bhfad níos faide ná sin ó bhí muid sa ngrian!

Bhí an saoire iontach ó thaobh traenála de, go háiríthe agus Máirín í féin ag rith, anois go bhfuil sí ag traenáil do mharatón Bhaile Átha Cliath.  Is é an pátrún a bheadh againn ná go n-eireodh Máirín luath ar maidin chun a cuid rith a dhéanamh (bheadh sé i bhfad ró-the é a dhéanamh i rith an lae), agus nuair a thiocfadh sise abhaile, dhéanfadh mise mo chuid rith nó mo chuid rothaíochta.  Is ins an trathnóna a dhéanfainn an snámh.

Bhí an snámh sa Chróáit go haoibhinn.  Chuile thrathnóna, bhuailfinn síos go trá Srebreno, agus cé go raibh an luas ag a raibh mé ag snámh mall, ba íontach an deis a bhí ann cur leis an achar a bhí mé in ann a dhéanamh agus níos mó misní a bheith agam as an snámh.  Cineál “breakthrough” mór siceolaíoch a bhí sa snámh sa Chróáit dom.
 Trá Srebreno
Snámh ar Saoire: 12,180m


Maidir leis an rothaíocht, níl a léithid de rud sa Chróáit agus bóthar cothrom.  Tá i gcónaí ag dul suas nó síos, níl aon easpa oibre ar an rothar ann!  B’í an chéad fhadhb a bhí agam ná nuair a thóg mé an rothar amach as an mála nuair a tháinig muid chomh fada leis an teach i Mlini, thug mé faoi dearadh go raibh bollta beag in easnamh orm, rud a d’fhág nach bhféadfaí an suíocán a fháisceadh i gceart.  Fuair mé leigheas ar an bhfadhb faoi dheireadh, a bhuíoch d’“angle grinder” agus “vice grips” agus bhí liom.
Tá an bóthar in aice leis an teach thar a bheith gnóthach, an príomh-bhóthar aníos cósta an Adriatic.  Ina theannta sin, is bóthar thar a bheith caol atá ann.  B’í an phlean, mar sin, ná bheith ar an rothar luath ar maidin, agus imeacht den bhóthar mór isteach go gleann an Konavle.  Tá dromchla breá ar an mbóthar seo agus is fíor-bheagán trácht atá air.  Níl tada le feiceál ar thaobh an bhóthair, áfach, ach nathaireacha agus gráinneoga marbh!
Gleann Konavle
 Rothaíocht ar Saoire: 230.04km


B’é an chuid is deacra den traenáil thar lear ná an rith, ó tharla (a) nach maith liom bheith ag rith ar maidin agus (b) mar go raibh sé chomh te.  Bhí an chéad cupla seachtain ceart go leor, ach bhí an tseachtain deireannach thar a bheith te, 38 céim lá amháin.  Bhí sé ar nós a bheith ag déanamh “intervals” in oighean!
Is iad na háiteacha céanna a ritheann mé i gcónaí nuair a bhíonn muid thall, “intervals” ag páirc sacar Cibaca, rith deas le cósta thimpeall ar Kupari (atá fós scriosta tar éis an chogaidh), Srebreno agus ar aghaidh go Mlini, corr rith fada suas in aghaidh an chnoic ó thuaidh den teach.
Baile Mlini, cúrsa deas ritheacht! 
Ritheacht ar Saoire: 115.84km

Chomh maith leis an gCróáit, chaith muid cheithre lá thuas sna sléibhte i dtuaisceart Montenegro, i mbaile Zabljak.  Dúshlán ann féin a bhí sa rith anseo, ó tharla go bhfuil Zabljak ag 4500 troigh airde.  Bhí an ceantar go hálainn, ach d’fhág báisteach agus fuacht gur tháinig muid anuas ón sliabh lá níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agus d’fhill ar an ngrian!

Zabljak sa Samhraidh, baile ski sa nGeimhridh...

An-saoire, faraor gan mé thall arís ann!