Showing posts with label Bretagne Schuller. Show all posts
Showing posts with label Bretagne Schuller. Show all posts

4.21.2011

Tús Leis an Traenáil (Arís Eile!)

B’é Dé Máirt an chéad lá de mo chuid traenáil don leath-Ironman, agus cé nár chloí mé leis an rud a bhí leagtha amach dom sa gclár traenála, bhí mé sásta go maith leis an lá.

Tá mé saor ón obair an tseachtain seo, agus d’fhág sin go raibh mé in ann aghaidh a thabhairt ar Thrá an Dóilín ag am lóin chun mo chulaith uisce nua a thriáil amach. Tá conradh urraíocha ag TríSpórt, ár gclub tríatlan, le Xterra, comhlacht Meiriceánach a dhéanann cultacha uisce, agus ní fhéadfainn diúltú don tairiscint culaith maith a fháil ar leath-phraghas!

Mar a bheadh amadán, chuaigh mé síos ag an trá agus é ina iar-thrá, ach é ag tuille go tréan, rud a d’fhág go raibh sruth láidir anuas Cuan an Fhir Mhóir. Ag siúl amach sa bhfarraige, níor aithrigh rudaí ró-fhuar go dtí gur chuir mé mo chloigeann san uisce... BAM! Mar a bheadh casúr ar an mbaithis!

Thosaigh mé liom ag snámh, agus is é an chéad rud a thug mé faoi dearadh an tionchar a bhíonn ag an gculaith uisce ar do chuid snámh. D’aithrigh mé ar nós snámhaí ceart, mo chosa crochta ag an neoprene agus mé ag luí i gceart san uisce. Thug mé faoi dearadh freisin go bhfuil difríocht mór idir a bheith ag leanacht líne dubh sa linn snámha, agus a bheith ag breathnú anuas ar fheamainn agus ar charraigeacha... deacair líne díreach a choinneal, agus obair mhór ag snámh in aghaidh an tsruth.

Ní hé an t-úfás a rinne mé, 660 méadar, ach breá sásta leis an gculaith uisce, agus sásta gur thug mé faoin bhfarraige don chéad uair i mbliana.

Déanta: 660m i 17:57

An trathnóna céanna, bhí rás 5km i mBóthar na Trá agus roinnt de bhaill an chlub ag tabhairt faoi. Tá sé tamall ó rinne mé aon obair luais ó thaobh an rith de, agus bhí barúil mhaith agam go saothróinn le linn an rás an t-easpa oibre sin!

Bhí rudaí ag dul go breá go dtí go raibh 2km caite, agus thosaigh mé ag fulaingt! Faoi 3km, bhí droch “stitch” i mo chliabhrach, agus thosaigh mé ag moilliú. Chuaigh beirt tharam ar an bpoinnte boise! Ní raibh ann ansin ach coinneal orm agus súil nach rachadh an iomarca eile tharam don 2k deireannach. Duine eile a tháinig suas liom roimh an deireadh agus chríochnaigh mé sa 15ú áit in am de 19:23.

Mar is minic le na mná i TríSpórt, bhain Marie amach áit ar an bpóidiam mar an tríú bean a chríochnaigh. Ina iomláine, bhí ochtar ar fad ag rith faoi ainm TríSpórt, agus bhí sé go deas bualadh le mo chuid comh-bhaill ! (buíochas do Bhreandán as an bpictiúr thíos)


Pádraic, mé féin, James, Majella agus Breandán tar éis an 5k

Déanta: 3.15 míle i 19:29 (6:10 in aghaidh an mhíle)

B’é lá breithe Phádraic inné é agus diabhal bealach níos fearr lena cheiliúradh ach dul amach ar na rothair nua. Chuile sheans go raibh cuma an “gimp” ar an mbeirt againn, na rothair céanna, an t-eádach foirne Bretagne Schuller céanna!

D’aithrigh mé féin na cosa an-trom agus b’éigin do P fanacht liom ag roinnt áiteacha. Siar go Leitir Mealláin agus aniar a chuaigh muid. Tá go leor oibre le déanamh ar an rothar go fóill agam.

Déanta: 30.3 míle i 1:42:52

4.20.2011

Tro Bro Leon

Ar ais in Éirinn arís tar éis deireadh seachtaine sa mBriotáin, agus mar a bhí sa bhFrainc, tá an ghrian amuigh inniu ar an gCeathrú Rua.
Chaith mé féin agus Pádraic ón gclub TríSpórt cúpla lá ag obair ag obair ag Tro Bro León, rás gairmiúil rothaíochta ó thuaidh de Brest, “Paris Roubaix” na Briotáine mar a thugann siad féin air!
Bhí an-lá againn ar an Satharn mar go ndearna muid 60km de chúrsa an rás i gcomhluadar Mikel Hinault, mac le laoch mór na Briotáine, Bernard. Amuigh linn ar na sportif freisin bhí Jean René Bernaudeau, bainisteoir foireann rothaíochta Europcar agus fear a raibh geansaí buí an Tour de France ar a dhroim le linn an rás úd i 1979. Tháinig muid suas lena thaobh agus muid ar an gcúrsa, ach bhí sé cineálta a rá nach fear an-suáilceach é Jean René!

Ag fulaingt ar na cnocáin!

B’é seo an chéad uair agam ag glacadh páirt in imeacht ar nós sin, agus cé gur craitheadh an t-anam go maith asam ar na bóithre garbh, bhain mé fíor-sult as (cé gur mé atá buíoch gurb é an leagan 60km a rinne muid, seachas an leagan 120km!).
An cúrsa críochnaithe agam féin agus Pádraic

An lá dár gcionn, d’fhill muid ar bhaile Lannillis don rás féin. Bhí foirne móra gairmiúla na Fraince ar fad ann (Europcar, AG2R, Vacansoleil, Les Francais des Jeaux), chomh maith le clubann eachtrannacha. An rud a chuaigh i bhfeidhm orm chomh deas agus a bhí chuile dhuine, is cuma más duine den lucht eagraithe a bhí i gceist, nó rothaithe móra le rá ar nós Roman Feillu agus Sebastian Hinault.
Chaith mé an lá i gcarranna foirne fhoireann Bretagne Schuller, chun cinn ar an rás leis an directeur sportif, ag tarraingt isteach ar thaobh an bhóthair chun freastal ar na rothaithe agus iad ag teacht amach as bóithre garbh ar an gcúrsa. Don dara leath den rás, bhí mé i gcarr an leas-directuer sportif, a bhí ag taisteal le taobh an peleton féin. A leithid de radharc. Rothaíthe ag titim, boinn pollta, carranna ag dul amach thar a chéile agus amach thar rothaithe ag luas aisteach!

Tro Bro León 2011

Bhí droch-lá ag Bretagne Schuller, bhí a gcuid rothaithe sách íseal thíos sa bpaca, agus is é Vincent Jerome ó Europcar a thug an lá leis sa deireadh.
Maidir le rothaíocht mar shlí gairme, níl a fhios agam cé a dhéanfadh é tar éis an Tro Bro Leon a fheiceál! Dá gcuirfeá iachall ar chapaill an rud a rinne na leaids sin a dhéanamh ar an Domhnach, chuirfí cosc ar an imeacht de bharr chomh cruálach agus a bhí sé... 260km agus cúig uair a chloig d’ifreann (ach an-taitneamhach don lucht féachana!)

Déanta:
Rothaíocht: 37.32 míle i 2:08